|
+Airteagal 6a 1. |
Airteagal 6a 1.Forbróidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, creat d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin lenar féidir leo comhaontuithe nasctha sholúbtha a bhunú i limistéir ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht acmhainneachta gréasáin le haghaidh naisc nua nó nach bhfuil aon infhaighteacht acmhainneachta gréasáin ann, ar creat é arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Treoir seo agus Airteagal 50(4a), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/943. Áiritheofar an méid seo a leanas leis an gcreat sin:
(a)
mar riail ghinearálta, ní chuirfidh naisc sholúbtha moill ar atreisithe gréasáin sna limistéir shainaitheanta;
(b)
cinnteofar an tiontú ó chomhaontuithe nasctha sholúbtha go comhaontuithe nasctha dhaingin a luaithe a fhorbrófar an gréasán ar bhonn critéir bhunaithe; agus
(c)
i gcás na limistéar ina measfaidh an t-údarás rialála, nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, nach é forbairt an ghréasáin an réiteach is éifeachtúla, is féidir, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe nasctha sholúbtha a dhéanamh mar réiteach buan, lena n-áirítear le haghaidh na stórála fuinnimh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|