+Airteagal 6a
---+Airteagal 6a 1.
---+Airteagal 6a 2.
|
Airteagal 6a
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6a 1.
|
Forbróidh an t-údarás rialála nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, creat d’oibreoirí córais tarchurtha agus d’oibreoirí córais dáileacháin lenar féidir leo comhaontuithe nasctha sholúbtha a bhunú i limistéir ina bhfuil teorainn le hinfhaighteacht acmhainneachta gréasáin le haghaidh naisc nua nó nach bhfuil aon infhaighteacht acmhainneachta gréasáin ann, ar creat é arna fhoilsiú i gcomhréir le hAirteagal 31(3) den Treoir seo agus Airteagal 50(4a), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/943. Áiritheofar an méid seo a leanas leis an gcreat sin:
(a)
mar riail ghinearálta, ní chuirfidh naisc sholúbtha moill ar atreisithe gréasáin sna limistéir shainaitheanta;
(b)
cinnteofar an tiontú ó chomhaontuithe nasctha sholúbtha go comhaontuithe nasctha dhaingin a luaithe a fhorbrófar an gréasán ar bhonn critéir bhunaithe; agus
(c)
i gcás na limistéar ina measfaidh an t-údarás rialála, nó údarás inniúil eile i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, nach é forbairt an ghréasáin an réiteach is éifeachtúla, is féidir, i gcás inarb ábhartha, comhaontuithe nasctha sholúbtha a dhéanamh mar réiteach buan, lena n-áirítear le haghaidh na stórála fuinnimh.
|
|
Airteagal 6a 2.
|
Féadfar a áirithiú leis an gcreat dá dtagraítear i mír 1 go sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad sna comhaontuithe nasctha sholúbtha:
(a)
an t-uasmhéid leictreachais is féidir a instealladh nó a tharraingt siar chuig an eangach agus uaithi, chomh maith leis an méid solúbtha breise d’acmhainneacht insteallta agus tarraingthe siar is féidir a nascadh agus a dhifreáil le bloic ama i rith na bliana;
(b)
na muirir ghréasáin is infheidhme maidir leis na hacmhainneachtaí insteallta agus tarraingthe siar daingne agus solúbtha araon;
(c)
fad comhaontaithe an chomhaontaithe nasctha sholúbtha agus an dáta a meastar a dheonófar nasc leis an acmhainneacht dhaingean iomlán a iarradh.
Beidh ar an úsáideoir córais a nascann trí nasc solúbtha eangaí, beidh air córas rialaithe cumhachta a shuiteáil arna dheimhniú ag deimhnitheoir údaraithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|