+Airteagal 8 Nós imeachta um údarú maidir le hacmhainneacht nua
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Nós imeachta um údarú maidir le hacmhainneacht nua
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcomhair tógáil acmhainneachta giniúna nua, glacfaidh na Ballstáit nós imeachta um údarú, agus seolfar an nós imeachta sin i gcomhréir le critéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
|
|
Airteagal 8 2.
|
Leagfaidh na Ballstáit síos na critéir maidir le húdaruithe a dheonú i ndáil le hacmhainneacht ghiniúna a thógáil ar a gcríoch. Agus na critéir is iomchuí á gcinneadh acu, breithneoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
sábháilteacht agus slándáil an chórais leictreachais, na suiteálacha agus an trealaimh ghaolmhair;
(b)
cosaint do shláinte agus sábháilteacht phoiblí;
(g)
cineál na bhfoinsí príomha;
(h)
saintréithe an iarratasóra, amhail cumas teicniúil, eacnamaíoch agus airgeadais;
(i)
comhlíonadh na mbeart arna nglacadh de bhun Airteagal 9;
(j)
an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le comhlíonadh sprioc fhoriomlán an Aontais gur fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite a bheidh i sciar 32 % d'olltomhaltas deiridh an Aontais in 2030 dá dtagraítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
);
(k)
an méid a rannchuideoidh an acmhainneacht ghiniúna le laghdú astaíochtaí; agus
(l)
roghanna malartacha seachas acmhainneacht ghiniúna nua a thógáil, amhail réitigh don fhreagairt don éileamh agus stóráil fuinnimh.
|
|
Airteagal 8 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit gurb ann do na nósanna imeachta sonracha, simplithe agus sruthlínithe um údarú le haghaidh giniúint bheag dhíláraithe agus/nó dáilte, lena gcuirfear san áireamh méid theoranta agus tionchar féideartha na giniúna sin. Féadfaidh na Ballstáit treoirlínte a leagan síos maidir leis an nós imeachta sonrach sin um údarú. Déanfaidh na húdaráis rialála nó údaráis inniúla náisiúnta eile, lena n-áirítear na húdaráis pleanála, na treoirlínte sin a athbhreithniú agus féadfaidh siad leasuithe orthu a mholadh. I gcás ina mbeidh nósanna imeachta ar leith leagtha síos ag na Ballstáit maidir le ceadanna úsáide talún, ar nósanna imeachta iad is infheidhme maidir le mórthionscadail bhonneagair nua le haghaidh acmhainneacht ghiniúna, déanfaidh na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, tógáil acmhainneachta giniúna nua a áireamh i raon feidhme na nósanna imeachta sin agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus laistigh d'achar ama iomchuí.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Poibleofar na nósanna imeachta agus na critéir don údarú. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas faoi na cúiseanna le haon diúltú údarú a dheonú. Beidh na cúiseanna sin oibiachtúil, neamh-idirdhealaitheach, cuí-réasúnaithe agus beidh bunús maith leo. Cuirfear nósanna imeachta achomhairc ar fáil d'iarratasóirí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|