|
+Airteagal 16 1. |
Airteagal 16 1.Déanfaidh na Ballstáit creat rialála cumasúcháin a sholáthar do phobail fuinnimh saoránach a áiritheoidh an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil rannpháirtíocht i bpobal fuinnimh saoránach oscailte agus deonach;
(b)
go bhfuil baill nó sairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach i dteideal an pobal a fhágáil, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 12;
(c)
nach gcailleann baill nó scairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí teaghlaigh nó mar chustaiméirí gníomhacha;
(d)
faoi réir cúiteamh cothrom arna mheas ag an údarás rialála, go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin ábhartha comhoibriú le pobail fuinnimh saoránach chun aistrithe leictreachais laistigh de phobail fuinnimh saoránach a éascú;
(e)
go bhfuil pobail fuinnimh saoránach faoi réir nósanna imeachta agus muirir atá neamh-idirdhealaitheach, cothrom, comhréireacha agus trédhearcach, lena n-áirítear i ndáil le clárú agus ceadúnú, chomh maith le muirir ghréasáin atá trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá ina léiriú ar an gcostas i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|