+Airteagal 16 Pobail fuinnimh saoránach
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
|
Airteagal 16 Pobail fuinnimh saoránach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Déanfaidh na Ballstáit creat rialála cumasúcháin a sholáthar do phobail fuinnimh saoránach a áiritheoidh an méid seo a leanas:
(a)
go bhfuil rannpháirtíocht i bpobal fuinnimh saoránach oscailte agus deonach;
(b)
go bhfuil baill nó sairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach i dteideal an pobal a fhágáil, agus sa chás sin beidh feidhm ag Airteagal 12;
(c)
nach gcailleann baill nó scairshealbhóirí de phobal fuinnimh saoránach a gcearta agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí teaghlaigh nó mar chustaiméirí gníomhacha;
(d)
faoi réir cúiteamh cothrom arna mheas ag an údarás rialála, go ndéanfaidh oibreoirí córais dáileacháin ábhartha comhoibriú le pobail fuinnimh saoránach chun aistrithe leictreachais laistigh de phobail fuinnimh saoránach a éascú;
(e)
go bhfuil pobail fuinnimh saoránach faoi réir nósanna imeachta agus muirir atá neamh-idirdhealaitheach, cothrom, comhréireacha agus trédhearcach, lena n-áirítear i ndáil le clárú agus ceadúnú, chomh maith le muirir ghréasáin atá trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá ina léiriú ar an gcostas i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943 rud a áirithíonn go rannchuidíonn siad ar bhealach leormhaith agus cothrom le comhroinnt costais fhoriomlán an chórais.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit a fhoráil sa chreat rialála cumasúcháin i gcás pobail fuinnimh saoránach:
(a)
go bhfuil siad oscailte do rannpháirtíocht trasteorann;
(b)
go bhfuil siad i dteideal úinéireacht a bheith acu ar ghréasáin dáileacháin, nó na gréasáin sin a bhunú, a cheannach nó a léasú, agus go gceadaítear dóibh iad a bhainistiú go neamhspleách faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo;
(c)
go bhfuil siad faoi réir na ndíolúintí dá bhforáiltear in Airteagal 38(2).
|
|
Airteagal 16 3.
|
Áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:
(a)
go bhfuil siad in ann rochtain a fháil ar gach margadh leictreachais, bíodh sin go díreach nó trí chomhbhailiú, ar bhealach neamh-idirdhealaitheach;
(b)
go gcaithtear leo ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus comhréireach maidir lena ngníomhaíochtaí, a gceart agus a n-oibleagáidí mar chustaiméirí deiridh, táirgeoirí, soláthróirí, oibreoirí córas dáileacháin nó rannpháirtithe sa mhargadh a bhíonn ag gabháil don chomhbhailiú;
(c)
go bhfuil siad freagrach ar bhonn airgeadais de as aon mhíchothromaíochtaí sa chóras leictreachais arb iad is cúis leo; a mhéid a bhaineann leis sin, is páirtithe freagrachta cothromaíochta a bheidh iontu nó déanfaidh siad a bhfreagracht chothromaíochta a tharmligean i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) 2019/943;
(d)
maidir le tomhaltas leictreachais fhéinghinte, déileáiltear le pobail fuinnimh saoránach mar a dhéantar le custaiméirí gníomhacha i gcomhréir le pointe (e) d'Airteagal 15(2);
(e)
go bhfuil siad i dteideal socrú a dhéanamh laistigh den phobal fuinnimh saoránach i dtaobh roinnt an leictreachais a tháirgeann na haonaid táirgthe atá faoi úinéireacht an phobail, faoi réir na gceanglas eile a leagtar síos san Airteagail seo agus faoi réir cearta agus oibleagáidí a bheith á gcoimeád ag baill den phobal mar chustaiméirí deiridh.
Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, i gcás ina ndéantar leictreachas a roinnt, ní dochar an méid sin do na muirir, taraifí agus tobhaigh don ghréasán is infheidhme, i gcomhréir le hanailís costais agus tairbhe ar na hacmhainní fuinnimh dáilte atá forbartha ag an údarás inniúil náisiúnta.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh an ceart chun gréasáin dáileacháin a bhainistiú a dheonú do phobail fuinnimh saoránach ina limistéar oibriúcháin agus na nósanna imeachta ábhartha a bhunú, gan dochar do Chaibidil IV ná do rialacha agus rialacháin eile is infheidhme maidir le hoibreoirí córais dáileacháin. Má dheonaítear ceart den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit maidir le pobail fuinnimh saoránach:
(a)
go bhfuil siad i dteideal comhaontú maidir le hoibriú a ngréasáin a thabhairt i gcrích leis an oibreoir córais dáileacháin nó oibreoir córais tarchurtha ábhartha a bhfuil a ngréasán ceangailte leis;
(b)
go bhfuil faoi réir muirir ghréasáin iomchuí ag na pointí nasctha idir a gnréasán agus an gréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach agus go ndéanann na muirir gréasáin sin cuntas ar leithligh ar an leictreachas a chuirtear isteach sa ghréasán dáileacháin agus ar an leictreachas a ídítear ón ngréasán dáileacháin lasmuigh den phobal fuinnimh saoránach i gcomhréir le hAirteagal 59(7);
(c)
nach ndéanfaidh siad idirdhealú in aghaidh na gcustaiméirí atá fós nasctha leis an gcóras dáileacháin ná nach ndéanfaidh siad aon díobháil dóibh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|