|
+Airteagal 20 Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chliste |
Airteagal 20 Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chlisteAirteagal 20 Feidhmiúlachtaí na gcóras méadraithe chliste I gcás ina bhfuil measúnú dearfach déanta ar leathadh amach na gcóras méadraithe chliste de thoradh an mheasúnaithe costais agus tairbhe dá dtagraítear in Airteagal 19(2), nó i gcás ina bhfuil córais méadraithe chliste leata amach go córasach tar éis an 4 Iúil 2019, déanfaidh na Ballstáit na córais méadraithe chliste a leathadh amach i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha, le hIarscríbhinn III agus leis na ceanglais seo a leanas:
(a)
tomhaisfidh na córais méadraithe chliste go cruinn an tomhaltas leictreachais iarbhír agus beidh siad in ann faisnéis faoin am úsáide iarbhír a sholáthar don chustaiméir. Déanfar sonraí tomhaltais stairiúil atá bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán agus i bhformáid léirshamhlaithe do na custaiméirí deiridh arna iarraidh sin dóibh agus gan costas breise. Déanfar sonraí tomhaltais atá gar d'fhíor-am ach nach bhfuil bailíochtaithe a chur ar fáil go héasca agus ar bhealach slán do na custaiméirí deiridh gan aon chostas breise, trí chomhéadan caighdeánaithe nó trí chianrochtain, chun tacú le cláir éifeachtúlachta fuinnimh uathoibrithe, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile;
(b)
comhlíonfaidh slándáil na gcóras méadraithe chliste agus na cumarsáide sonraí rialacha slándála ábhartha de chuid an Aontais, agus aird chuí á tabhairt ar na teicnící is fearr atá ar fáil le haghaidh an leibhéal is airde cibearshlándála a áirithiú, agus fós na costais agus prionsabail na comhréireachta á meabhrú;
(c)
comhlíonfaidh príobháideacht na gcustaiméirí deiridh agus cosaint a sonraí rialacha ábhartha cosanta sonraí agus rialacha príobháideachta de chuid an Aontais;
(d)
áiritheoidh na hoibreoirí méadar gur féidir le méadair na gcustaiméirí gníomhacha a chuireann leictreachas isteach san eangach fan leictreachas a chuirtear isteach san eangach ó áitreabh na gcustaiméirí gníomhacha a áireamh;
(e)
má iarrann na custaiméirí deiridh iad, cuirfear sonraí maidir leis an leictreachas a chuireann siad isteach san eangach agus sonraí maidir lena dtomhaltas leictreachais ar fáil dóibh i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 24, trí chomhéad an caighdeánaithe cumarsáide nó trí chianrochtain, nó do thríú páirtí atá ag gníomhú thar a gceann, i bhformáid shothuigthe, a chuirfidh ar a gcumas tairiscintí a chur i gcomparáid ar bhonn “macasamhail le macasamhail”;
(f)
tabharfar comhairle agus faisnéis iomchuí do na custaiméirí deiridh roimh nó ag an tráth a shuiteálfar na méadair chliste, go háirithe maidir lena bpoitéinseal iomlán i ndáil le bainistiú léimh an mhéadair agus faireachán ar thomhaltasfuinnimh, agus maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme de chuid an Aontais.
(g)
fágfaidh na córais méadraithe chliste gur féidir na custaiméirí deiridh a mhéadrú agus a réiteach de réir an taifigh ama chéanna leis an tréimhse chun éagothroime a shocrú sa mhargadh náisiúnta. Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, beidh sé indéanta ag custaiméirí deiridh a gcuid sonraí méadraithe a aisghabháil nó a tharchur chuig páirtí eile, gan aon chostas breise agus i gcomhréir lena gceart chun iniomparthacht sonraí faoi rialacha cosanta sonraí an Aontais. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|