+Airteagal 23 Bainistiú sonraí
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
|
Airteagal 23 Bainistiú sonraí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 23 1.
|
Agus na rialacha maidir le bainistiú agus malartú sonraí á leagan síos acu, sonróidh na Ballstáit, nó i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, an t-údarás inniúil atá ainmnithe na rialacha a ghabhann le rochtain ag páirtithe incháilithe ar shonraí an chustaiméara deiridh i gcomhréir leis an Airteagal seo agus le creat dlí an Aontais is infheidhme. Chun críocha na Treorach seo, tabharfar le fios le sonraí go n-áireofar sonraí méadraithe agus tomhaltais chomh maith leis na sonraí a theastaíonn tráth a athraíonn custaiméir go soláthróir eile, freagairt don éileamh agus seirbhísí eile.
|
|
Airteagal 23 2.
|
Eagróidh na Ballstáit an bainistiú sonraí chun rochtain agus malartú éifeachtúil agus slán a áirithiú maidir leis na sonraí, comh maith le cosaint sonraí agus slándáil sonraí. Go neamhspleách ar an tsamhail bainistithe sonraí a chuirfear i bhfeidhm i ngach Ballstát, déanfaidh na páirtithe atá freagrach as an mbainistiú sonraí rochtain ar shonraí an chustaiméara deiridh a sholáthar d'aon pháirtí incháilithe, i gcomhréir le mír 1. Beidh na sonraí arna n-iarraidh ar fáil do na páirtithe incháilithe ar bhealach neamh-idirdhealaitheach agus go comhuaineach. Beifear in ann na sonraí a rochtain go héasca, agus cuirfear na nósanna imeachta ábhartha chun rochtain a fháil ar shonraí ar fáil go poiblí.
|
|
Airteagal 23 3.
|
Na rialacha maidir le rochtain ar shonraí agus stóráil sonraí chun críocha na Treorach seo, comhlíonfaidh siad dlí ábhartha an Aontais. Próiseáil sonraí pearsanta a dhéantar faoi chuimsiú na Treorach seo, déanfar í i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679.
|
|
Airteagal 23 4.
|
Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla atá ainmnithe na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí a údarú agus a dheimhniú nó, i gcás inarb infheidhme, a mhaoirsiú chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad ceanglais na Treorach seo. Gan dochar do chúraimí na n-oifigeach cosanta sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh ceangal a chur ar na páirtithe atá freagrach as bainistiú sonraí oifigigh chomhlíontachta a cheapadh a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart arna ndéanamh ag na páirtithe sin chun rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na sonraí agus comhlíonadh cheanglais na Treorach seo a áirithiú. Féadfaidh na Ballstáit oifigigh chomhlíontachta nó comhlachtaí comhlíontachta da dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 35(2) den Treoir seo a cheapadh chun oibleagáidí faoin mír seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 23 5.
|
Ní ghearrfar aon chostais bhreise ar na custaiméirí deiridh as rochtain ar a sonraí ná as a iarraidh go ndéanfaí a gcuid sonraí a chur ar fáil. Beidh na Ballstáit freagrach as na muirir ábhartha a shocrú maidir le rochtain na bpáirtithe incháilithe ar na sonraí. Déanfaidh na Ballstáit nó, i gcás ina mbeidh foráil déanta amhlaidh ag Ballstát, na húdaráis inniúla ainmnithe a áirithiú go mbeidh aon mhuirear a ghearrann eintitis rialáilte a sholáthraíonn seirbhísí sonraí réasúnach agus cuí-réasúnaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|