Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain ag na custaiméirí deiridh ar shásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt atá simplí, cóir, trédhearcach, neamhspleách, éifeachtach agus éifeachtúil chun díospóidí a réiteach i dtaca leis na cearta agus na hoibleagáidí a bhunaítear faoin Treoir seo, agus go mbeidh sé sin acu trí shásra neamhspleách amhail ombudsman fuinnimh nó comhlacht tomhaltóirí, nó trí údarás rialála. I gcás inar tomhaltóir é an custaiméir deiridh de réir bhrí Threoir 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
), comhlíonfaidh na sásraí um réiteach díospóidí lasmuigh den chúirt ceanglais cháilíochta Threoir 2013/11/AE agus déanfar foráil ann, i gcás ina bhfuil údar cuí leis, maidir le córais aisíocaíochta agus cúitimh.