Gan dochar do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), soláthróidh na Ballstáit an creat rialála is gá chun go n-éascófar pointí athluchtaithe atá inrochtana go poiblí agus pointí athluchtaithe príobháideacha, a bhfuil feidhmiúlachtaí luchtaithe chliste agus feidhmiúlachtaí luchtaithe dhéthreoch acu i gcomhréir le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001, a nascadh leis na gréasáin dáileacháin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon ghnóthas ar leis pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha nó a dhéanann pointí athluchtaithe den sórt sin a fhorbairt, a oibriú nó a bhainistiú, lena n-áirítear maidir leis an nasc leis an eangach.