+Airteagal 33 An leictrea-shoghluaisteacht a chomhtháthú sa ghréasán leictreachais
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
|
Airteagal 33 An leictrea-shoghluaisteacht a chomhtháthú sa ghréasán leictreachais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Gan dochar do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
11
), soláthróidh na Ballstáit an creat rialála is gá chun go n-éascófar pointí athluchtaithe atá inrochtana go poiblí agus pointí athluchtaithe príobháideacha, a bhfuil feidhmiúlachtaí luchtaithe chliste agus feidhmiúlachtaí luchtaithe dhéthreoch acu i gcomhréir le hAirteagal 20a de Threoir (AE) 2018/2001, a nascadh leis na gréasáin dáileacháin. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreoidh na hoibreoirí córais dáileacháin ar bhonn neamh-idirdhealaitheach le haon ghnóthas ar leis pointí athluchtaithe d’fheithiclí leictreacha nó a dhéanann pointí athluchtaithe den sórt sin a fhorbairt, a oibriú nó a bhainistiú, lena n-áirítear maidir leis an nasc leis an eangach.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Ní bheidh úinéireacht ag oibreoirí córas dáileacháin ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, ná ní dhéanfaidh siad iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, cé is moite de na cásanna sin ina mbíonn úinéireacht ar phointí athluchtaithe príobháideacha ag oibreoirí córas dáileacháin chun a n-úsáide féin.
|
|
Airteagal 33 3.
|
De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh na Ballstáit ligean do na hoibreoirí córas dáileacháin uinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, ar choinníoll go chomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
nach ndearnadh, tar éis nós imeachta tairisceana a bhí oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach agus atá faoi réir a athbhreithnithe agus a fhormheasa ag an údarás rialála, an ceart a dhámhachtain ar pháirtithe eile úinéireacht a bheith acu ar phointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha, nó iad a fhorbairt, a bhainistiú nó a oibriú, nó nach bhféadfadh páirtithe eile na seirbhísí sin a thabhairt i gcrích ar chostas réasúnach agus ar bhealach tráthúil;
(b)
go ndearna an t-údarás rialála measúnú ex ante ar choinníollacha an nós imeachta tairisceana faoi phointe (a) agus gur dheonaigh sé a fhormheas;
(c)
go n-oibríonn an t-oibreoir córais dáileacháin na pointí athluchtaithe ar bhonn rochtana tríú páirtí i gcomhréir le hAirteagal 6 agus nach ndéanann sé idirdhealú idir úsáideoirí córais nó aicmí d'úsáideoirí córais, agus go háirithe i bhfabhar na ngnóthas sin atá gaolmhar leis.
Féadfaidh an t-údarás rialála treoirlínte nó clásail soláthair a tharraingt suas mar chúnamh d'oibreoirí córas dáileacháin chun nós imeachta tairisceana cothrom a áirithiú.
|
|
Airteagal 33 4.
|
I gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagtar amach i mír 3 curtha chun feidhme ag Ballstáit, déanfaidh na Ballstáit nó a n-údaráis inniúla ainmnithe comhairliúchán poiblí go tráthrialta nó gach 5 bliana ar a laghad chun athmheasúnú a dhéanamh ar spéis fhéideartha na rannpháirtithe eile in úinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú pointí athluchtaithe d'fheithiclí leictreacha. I gcás ina léireofar sa chomhairliúchán poiblí go bhfuil páirtithe eile inchurtha le húinéireacht, forbairt, oibriú nó bainistiú a dhéanamh ar phointí den sórt sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear deireadh de réir a chéile le gníomhaíochtaí na n-oibreoirí córas dáileacháin i dtaobh na nithe sin, ach é sin faoi réir ag nós imeachta tairisceana dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a bheith tugtha chun críche go rathúil. Mar chuid de na coinníollacha don nós imeachta sin, féadfaidh na húdaráis rialála ligean d'oibreoir córas dáileacháin luach iarmharach a infheistíochta a rinneadh sa bhonneagar athluchtaithe a aisghabháil.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|