|
+Airteagal 43 1. |
Airteagal 43 1.Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go mbeidh gach gnóthas ar leis córas tarchurtha ag gníomhú mar oibreoir córais tarchurtha;
(b)
nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal:
(i)
rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha; ná
(ii)
rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair;
(c)
maidir le comhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, i gcás oibreoir córais tarchurtha nó i gcás córas tarchurtha, nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal iad a cheapadh, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar aon ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair; agus
(d)
nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, ná a bheith ina chomhalta de ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair agus ag an am céanna a bheith ina chomhalta d'oibreoir córais tarchurtha nó de chóras tarchurtha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|