+Airteagal 43 Díchuachadh úinéireachta córas tarchurtha agus oibreoirí córas tarchurtha
---+Airteagal 43 1.
---+Airteagal 43 2.
---+Airteagal 43 3.
---+Airteagal 43 4.
---+Airteagal 43 5.
---+Airteagal 43 6.
---+Airteagal 43 7.
---+Airteagal 43 8.
---+Airteagal 43 9.
---+Airteagal 43 10.
---+Airteagal 43 11.
|
Airteagal 43 Díchuachadh úinéireachta córas tarchurtha agus oibreoirí córas tarchurtha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 43 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go mbeidh gach gnóthas ar leis córas tarchurtha ag gníomhú mar oibreoir córais tarchurtha;
(b)
nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal:
(i)
rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha; ná
(ii)
rialú a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair;
(c)
maidir le comhaltaí den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de chomhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, i gcás oibreoir córais tarchurtha nó i gcás córas tarchurtha, nach mbeidh an duine nó na daoine céanna i dteideal iad a cheapadh, agus rialú a fheidhmiú nó aon cheart a fheidhmiú, go díreach nó go hindíreach, ar aon ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair; agus
(d)
nach mbeidh an duine céanna i dteideal a bheith ina chomhalta den bhord maoirseachta, den bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas, ná a bheith ina chomhalta de ghnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair agus ag an am céanna a bheith ina chomhalta d'oibreoir córais tarchurtha nó de chóras tarchurtha.
|
|
Airteagal 43 2.
|
Go háirithe, cuimseoidh na cearta dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 an méid seo a leanas:
(a)
an chumhacht cearta vótála a fheidhmiú;
(b)
an cumhacht comhaltaí de bhord maoirseachta, de bhord riaracháin nó de na comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht dhlíthiúil ar an ngnóthas a cheapadh; nó
(c)
scair thromlaigh a shealbhú.
|
|
Airteagal 43 3.
|
Chun críche phointe (b) de mhír 1, leis an gcoincheap “gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair”, áireofar “gnóthas a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna an táirgthe nó an tsoláthair” de réir bhrí Threoir 2009/73/CE, agus leis na téarmaí “oibreoir córais tarchurtha” agus “córas tarchurtha”, áireofar “oibreoir córais tarchurtha” agus “córas tarchurtha” de réir bhrí na Treorach sin.
|
|
Airteagal 43 4.
|
Measfar go bhfuil an oibleagáid a leagtar amach i bpointe (a) de mhír 1 comhlíonta i gcás ina mbeidh comhfhiontar cruthaithe ag dhá ghnóthas nó níos mó ar leo córais tarchurtha, ar comhfhiontar é a ghníomhaíonn mar oibreoir córais tarchurtha in dhá Bhallstát nó níos mó i ndáil leis na córais tarchurtha lena mbaineann. Ní féidir le haon ghnóthas eile a bheith páirteach sa chomhfhiontar, ach amháin má tá sé formheasta faoi Airteagal 44 mar oibreoir córais neamhspleách nó mar oibreoir tarchurtha neamhspleách chun críocha Roinn 3.
|
|
Airteagal 43 5.
|
Ar mhaithe le cur chun feidhme an Airteagail seo, i gcás inarb é an Ballstát nó comhlacht poiblí eile an duine dá dtagraítear i bpointí (b), (c) agus (d) de mhír 1, measfar nach iad an duine nó na daoine céanna dhá chomhlacht phoiblí ar leithligh a fheidhmíonn rialú ar oibreoir córais tarchurtha nó ar chóras tarchurtha ar láimh amháin, agus ar ghnóthas a fheidhmíonn aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair ar an láimh eile.
|
|
Airteagal 43 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar faisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de dá dtagraítear in Airteagal 41 atá i seilbh oibreora córais tarchurtha ar chuid de ghnóthas a bhí comhtháite go hingearach é, ná baill foirne an oibreora córais tarchurtha sin, a aistriú chuig gnóthais a dhéanann aon cheann d'feidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair.
|
|
Airteagal 43 7.
|
Más rud é an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm. I gcás den sórt sin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann:
(a)
oibreoir córais neamhspleách a ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 44; nó
|
|
Airteagal 43 8.
|
Más rud é, an 3 Meán Fómhair 2009, gur le gnóthas a bhí comhtháite go hingearach an córas tarchurtha agus go raibh socruithe i bhfeidhm a ráthaigh neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3, féadfaidh an Ballstát cinneadh a dhéanamh gan mír 1 a chur i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 43 9.
|
Sula ndéanfar gnóthas a fhormheas agus a ainmniú mar oibreoir córais tarchurtha faoi mhír 8 den Airteagal seo, beidh sé deimhnithe i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagal 52(4), (5), agus (6) den Treoir seo agus in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2019/943, ar dá réir a fhíoróidh an Coimisiún go ráthóidh na socruithe atá i bhfeidhm neamhspleáchas níos éifeachtaí don oibreoir córais tarchurtha ná Roinn 3 den Chaibidil seo.
|
|
Airteagal 43 10.
|
Ní dhéanfar, in aon chás, cosc a chur ar ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus ar leo córas tarchurtha céimeanna a ghlacadh chun mír 1 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 43 11.
|
Na gnóthais a dhéanann aon cheann d'fheidhmeanna na giniúna nó an tsoláthair, ní bheidh siad in ann in aon chás, go díreach nó go hindíreach, rialú a fháil ná aon cheart a fheidhmiú ar oibreoirí córas tarchurtha arna ndíchuachadh i mBallstáit a chuireann mír 1 i bhfeidhm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|