+Airteagal 46 Sócmhainní, trealamh, foireann agus céannacht
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
|
Airteagal 46 Sócmhainní, trealamh, foireann agus céannacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Beidh ag na hoibreoirí córas tarchurtha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais a chur i gcrích, go háirithe:
(a)
na sócmhainní is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear an córas tarchurtha, beidh siad faoi úinéireacht an oibreora córais tarchurtha;
(b)
an pearsanra is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear gach cúram corparáideach a dhéanamh, beidh siad fostaithe ag an oibreoir córais tarchurtha;
(c)
beidh cosc ar phearsanra a fháil ar iasacht ó aon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ar sheirbhísí a chur ar fáil d'aon chuid eile de. Féadfaidh oibreoir córais tarchurtha seirbhísí a chur ar fáil don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áfach, ar choinníoll:
(i)
nach ndéanfar, le soláthar na seirbhísí sin, idirdhealú idir úsáideoirí an chórais, go mbeidh an soláthar sin le fáil ag úsáideoirí uile an chórais ar na téarmaí agus coinníollacha céanna agus nach ndéanfar dá dheasca an iomaíocht giniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc; agus
(ii)
go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ar a soláthrófar na seirbhísí sin formheasta ag an údarás rialála;
(d)
gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, déanfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach acmhainní airgeadais iomchuí le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana a chur ar fáil don oibreoir córais tarchurtha in am trátha arna iarraidh sin go hiomchuí don oibreoir córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Áireofar le gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais na cúraimí seo a leanas ar a laghad, de bhreis ar na cinn sin a liostaítear in Airteagal 40:
(a)
ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha agus teagmhálacha le tríú páirtithe agus leis na húdaráis rialála;
(b)
ionadaíocht thar ceann an oibreora córais tarchurtha laistigh de ENTSO don Leictreachas;
(c)
deonú agus bainistiú rochtana tríú páirtí ar bhonn neamh-idirdhealaitheach idir úsáideoirí córais nó idir aicmí d'úsáideoirí córais;
(d)
bailiú na muirear uile a bhaineann leis an gcóras tarchurtha, lena n-áirítear muirir rochtana, fuinneamh le haghaidh caillteanas agus muirir seirbhísí coimhdeacha;
(e)
oibriú, cothabháil agus forbairt córais tarchurtha atá slán, éifeachtúil agus barainneach;
(f)
pleanáil infheistíochta lena n-áiritheofar go mbeidh an cumas fadtéarmach ag an gcóras freastal ar éilimh réasúnta agus lena ráthófar cinnteacht an tsoláthair;
(g)
bunú comhfhiontar iomchuí, lena n-áirítear in éineacht le hoibreoir córais tarchurtha amháin nó níos mó, malartán cumhachta amháin nó níos mó, agus na gníomhaithe ábhartha eile a shaothraíonn na cuspóirí cruthú margaí réigiúnacha a fhorbairt nó an próiseas léirscaoilte a éascú; agus
(h)
na seirbhísí corparáideacha uile, lena n-áirítear seirbhísí dlíthiúla, cuntasaíocht agus seirbhísí TF.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Beidh na hoibreoirí córas tarchurtha eagraithe de réir na foirme dlíthiúla amhail dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) 2017/1132 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
12
).
|
|
Airteagal 46 4.
|
Ní bheidh céannacht chorparáideach, cumarsáid, brandáil ná áitreabh an oibreora córais tarchurtha ina n-ábhar mearbhaill i ndáil le céannacht leithleach an ghnóthais atá comhtháite go hingearach nó aon chuid de.
|
|
Airteagal 46 5.
|
Ní roinnfidh an t-oibreoir córais tarchurtha córais nó trealamh TF, áitreabh fisiceach ná córais rochtana slándála le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ní úsáidfidh sé na sainchomhairleoirí céanna ná na conraitheoirí seachtracha céanna le haghaidh córais nó trealamh TF ná le haghaidh na gcóras rochtana slándála.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Is iniúchóir eile seachas an t-iniúchóir a dhéanann iniúchóireacht ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó ar aon chuid de, a dhéanfaidh iniúchóireacht ar chuntais an oibreora córais tarchurtha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|