|
+Airteagal 46 1. |
Airteagal 46 1.Beidh ag na hoibreoirí córas tarchurtha na hacmhainní daonna, teicniúla, fisiceacha agus airgeadais uile is gá chun a n-oibleagáidí faoin Treoir seo a chomhlíonadh agus chun gníomhaíocht an tarchurtha leictreachais a chur i gcrích, go háirithe:
(a)
na sócmhainní is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear an córas tarchurtha, beidh siad faoi úinéireacht an oibreora córais tarchurtha;
(b)
an pearsanra is gá le haghaidh ghníomhaíocht an tarchurtha leictreachais, lena n-áirítear gach cúram corparáideach a dhéanamh, beidh siad fostaithe ag an oibreoir córais tarchurtha;
(c)
beidh cosc ar phearsanra a fháil ar iasacht ó aon chuid eile den ghnóthas atá comhtháite go hingearach agus ar sheirbhísí a chur ar fáil d'aon chuid eile de. Féadfaidh oibreoir córais tarchurtha seirbhísí a chur ar fáil don ghnóthas atá comhtháite go hingearach, áfach, ar choinníoll:
(i)
nach ndéanfar, le soláthar na seirbhísí sin, idirdhealú idir úsáideoirí an chórais, go mbeidh an soláthar sin le fáil ag úsáideoirí uile an chórais ar na téarmaí agus coinníollacha céanna agus nach ndéanfar dá dheasca an iomaíocht giniúna ná soláthair a shrianadh, a shaobhadh ná a chosc; agus
(ii)
go mbeidh na téarmaí agus coinníollacha ar a soláthrófar na seirbhísí sin formheasta ag an údarás rialála;
(d)
gan dochar do chinntí an Bhoird Maoirseachta faoi Airteagal 49, déanfaidh an gnóthas atá comhtháite go hingearach acmhainní airgeadais iomchuí le haghaidh tionscadail infheistíochta sa todhchaí agus/nó le haghaidh athsholáthar sócmhainní atá ann cheana a chur ar fáil don oibreoir córais tarchurtha in am trátha arna iarraidh sin go hiomchuí don oibreoir córais tarchurtha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|