+Airteagal 50 Clár comhlíontachta agus oifigeach comhlíontachta
---+Airteagal 50 1.
---+Airteagal 50 2.
---+Airteagal 50 3.
---+Airteagal 50 4.
---+Airteagal 50 5.
---+Airteagal 50 6.
---+Airteagal 50 7.
---+Airteagal 50 8.
---+Airteagal 50 9.
---+Airteagal 50 10.
---+Airteagal 50 11.
---+Airteagal 50 12.
|
Airteagal 50 Clár comhlíontachta agus oifigeach comhlíontachta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 50 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na hoibreoirí córas tarchurtha clár comhlíontachta a bhunú agus a chur chun feidhme ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun a áirithiú go ndéanfar iompar idirdhealaitheach a chosc, agus go n-áiritheoidh siad go ndéanfar faireachán iomchuí ar urramú an chláir sin. Leagfar amach sa chlár comhlíontachta na hoibleagáidí sonracha atá ar na fostaithe chun na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh sé faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Gan dochar do chumhachtaí an údaráis rialála, déanfaidh oifigeach comhlíontachta faireachán neamhspleách ar chomhlíonadh an chláir.
|
|
Airteagal 50 2.
|
Is é an Comhlacht Maoirseachta a cheapfaidh an t-oifigeach comhlíontachta, faoi réir a fhormheasa ag an údarás rialála. Is ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, agus ar na cúiseanna sin amháin, a fhéadfaidh an t-údarás rialála diúltú an t-oifigeach comhlíontachta a fhormheas. Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta a bheith ina dhuine nádúrtha nó dlítheanach. Beidh feidhm ag Airteagal 48(2) go (8) maidir leis an oifigeach comhlíontachta.
|
|
Airteagal 50 3.
|
Beidh na cúraimí seo a leanas ar an oifigeach comhlíontachta:
(a)
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir comhlíontachta;
(b)
tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina leagfar amach na bearta arna ndéanamh chun an clár comhlíontachta a chur chun feidhme agus an tuarascáil sin a chur faoi bhráid an údaráis rialála;
(c)
tuairisc a thabhairt don Chomhlacht Maoirseachta agus moltaí a eisiúint maidir leis an gclár comhlíontachta agus cur chun feidhme an chláir sin;
(d)
fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon sáruithe substainteacha maidir le cur chun feidhme an chláir comhlíontachta; agus
(e)
tuairisciú chuig an údarás rialála faoi aon chaidreamh tráchtála nó airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 50 4.
|
Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta na cinntí atá beartaithe maidir leis an bplean infheistíochta nó maidir le hinfheistíochtaí aonair sa ghréasán a chur faoi bhráid an údaráis rialála. Déanfar amhlaidh, ar a dheireanaí, tráth a chuirfidh bainistíocht agus/nó comhlacht riaracháin inniúil an oibreora córais tarchurtha na cinntí sin faoi bhráid an Chomhlachta Maoirseachta.
|
|
Airteagal 50 5.
|
I gcás ina mbeidh bac curtha ag an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, sa chomhthionól ginearálta nó trí vótáil na gcomhaltaí den Chomhlachta Maoirseachta arna gceapadh aige, ar ghlacadh cinnidh agus gurb é toradh atá air sin ná bac nó moill ar infheistíochtaí a bhí le cur i gcrích sna 3 bliana ina dhiaidh sin de réir an phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, tabharfaidh an t-oifigeach comhlíontachta tuairisc faoi sin don údarás rialála, agus ansin gníomhóidh an t-údarás sin i gcomhréir le hAirteagal 51.
|
|
Airteagal 50 6.
|
Na coinníollacha lena rialaítear téarma oifige nó coinníollacha fostaíochta an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear ré an téarma oifige, beidh siad faoi réir a bhformheasa ag an údarás rialála. Áiritheofar leis na coinníollacha sin neamhspleáchas an oifigigh comhlíontachta, lena n-áirítear na hacmhainní uile a thabhairt dó nó di is gá chun dualgais an oifigigh comhlíontachta a chomhlíonadh. Le linn a théarma oifige, ní bheidh ag an oifigeach comhlíontachta aon phost gairmiúil, freagracht ná leas, go díreach ná go hindíreach, in aon chuid ná le haon chuid den ghnóthas atá comhtháite go hingearach ná de scairshealbhóirí rialaithe an ghnóthais sin.
|
|
Airteagal 50 7.
|
Tuairisceoidh an t-oifigeach comhlíontachta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig an údarás rialála go tráthrialta agus beidh sé de cheart aige tuairisciú go tráthrialta, i scríbhinn nó ó bhéal, chuig Comhlacht Maoirseachta an oibreora córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 50 8.
|
Féadfaidh an t-oifigeach comhlíontachta freastal ar chruinnithe uile bhainistíocht nó chomhlachtaí riaracháin an oibreora córais tarchurtha, agus ar chruinnithe an Chomhlachta Maoirseachta agus an tionóil ghinearálta. Freastalóidh an t-oifigeach comhlíontachta ar na cruinnithe uile a bhaineann leis na hábhair seo a leanas:
(a)
na coinníollacha rochtana ar an ngréasán, a leagtar síos i Rialachán (AE) 2019/943, go háirithe maidir le taraifí, seirbhísí rochtana tríú páirtí, leithdháileadh acmhainneachta agus bainistiú ar phlódú, trédhearcacht, seirbhísí coimhdeacha agus margaí tánaisteacha;
(b)
na tionscadail a dhéantar chun an córas tarchurtha a oibriú, a chothabháil agus a fhorbairt, lena n-áirítear infheistíochtaí in idirnascadh agus i nascadh;
(c)
na ceannacháin nó díolacháin fuinnimh is gá chun an córas tarchurtha a oibriú.
|
|
Airteagal 50 9.
|
Déanfaidh an t-oifigeach comhlíontachta faireachán ar chomhlíonadh Airteagal 41 ag an oibreoir córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 50 10.
|
Beidh rochtain ag an oifigeach comhlíontachta ar na sonraí ábhartha uile agus ar oifigí an oibreora córais tarchurtha agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúram a chomhall.
|
|
Airteagal 50 11.
|
Beidh rochtain gan réamhfhógra ag an oifigeach comhlíontachta ar oifigí an oibreora córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 50 12.
|
Tar éis réamhfhormheas a fháil ón údarás rialála, féadfaidh an Comhlacht Maoirseachta an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú. Déanfaidh sé an t-oifigeach comhlíontachta a dhífhostú ar chúiseanna easpa neamhspleáchais nó acmhainneachta gairmiúla, arna iarraidh sin don údarás rialála.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|