+Airteagal 53 Deimhniú i ndáil le tríú tíortha
---+Airteagal 53 1.
---+Airteagal 53 2.
---+Airteagal 53 3.
---+Airteagal 53 4.
---+Airteagal 53 5.
---+Airteagal 53 6.
---+Airteagal 53 7.
---+Airteagal 53 8.
---+Airteagal 53 9.
---+Airteagal 53 10.
|
Airteagal 53 Deimhniú i ndáil le tríú tíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 53 1.
|
I gcás ina ndéanfaidh úinéir córais tarchurtha nó oibreoir córais tarchurtha atá faoi rialú duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha deimhniú a iarraidh, tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún ina thaobh. Déanfaidh an t-údarás rialála freisin fógra a thabhairt don Choimisiún gan mhoill faoi aon imthosca a d'fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar chóras tarchurtha nó ar oibreoir córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 53 2.
|
Déanfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha fógra a thabhairt don údarás rialála faoi aon imthosca a d'fhágfadh go bhfaigheadh duine nó daoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha rialú ar an gcóras tarchurtha nó ar an oibreoir córais tarchurtha.
|
|
Airteagal 53 3.
|
Glacfaidh an t-údarás rialála dréachtchinneadh maidir le deimhniú oibreora córais tarchurtha laistigh de 4 mhí ó dháta an fhógra ón oibreoir córais tarchurtha. Diúltóidh sé an deimhniú más rud é nár léiríodh:
(a)
go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus
(b)
don údarás rialála nó d'údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú ag an mBallstát nach gcuirfí cinnteacht an tsoláthair sa Bhallstát ná san Aontas i mbaol de thairbhe an deimhniú a dheonú. Agus an cheist sin á breithniú aige, cuirfidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil náisiúnta eile arna ainmniú amhlaidh an méid seo a leanas san áireamh:
(i)
cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh;
(ii)
cearta agus oibleagáidí an Bhallstáit i leith an tríú tír sin a thagann chun cinn faoi chomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích léi, sa mhéid go comhlíonann siad dlí an Aontais; agus
(iii)
fíorais agus imthosca sonracha eile a bhaineann leis an gcás agus leis an tríú tír atá i gceist.
|
|
Airteagal 53 4.
|
Tabharfaidh an t-údarás rialála fógra don Choimisiún faoin gcinneadh gan mhoill, maille leis an bhfaisnéis ábhartha ar fad faoin gcinneadh sin.
|
|
Airteagal 53 5.
|
Forálfaidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás rialála nó an t-údarás inniúil arna ainmniú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3, sula nglacfaidh an t-údarás rialála cinneadh maidir le deimhniú, tuairim a iarraidh ar an gCoimisiún an amhlaidh:
(a)
go gcomhlíonann an t-eintiteas lena mbaineann ceanglais Airteagal 43; agus
(b)
nach gcuirfear cinnteacht an tsoláthair fuinnimh i mbaol san Aontas de thairbhe an deimhniú a dheonú.
|
|
Airteagal 53 6.
|
Scrúdóidh an Coimisiún an iarraidh dá dtagraítear i mír 5 a luaithe a gheobhaidh sé í. Laistigh de 2 mhí ón iarraidh a fháil, tabharfaidh sé a thuairim don údarás rialála nó, más é an t-údarás inniúil arna ainmniú a rinne an iarraidh, don údarás sin. Agus an tuairim á ullmhú aige, féadfaidh an Coimisiún barúlacha a iarraidh ar ACER, leis an mBallstát lena mbaineann, agus le páirtithe leasmhara. I gcás ina ndéanfaidh an Coimisiún iarraidh den sórt sin, cuirfear fadú 2 mhí leis an tréimhse 2 mhí. D'uireasa tuairim ón gCoimisiún laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír, measfar nach bhfuil agóid i gcoinne chinneadh an údaráis rialála á dhéanamh ag an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 53 7.
|
Agus measúnú á dhéanamh aige an gcuirfidh rialú an duine nó na ndaoine ó thríú tír nó ó thríú tíortha cinnteacht an tsoláthair fuinnimh san Aontas i mbaol, cuirfidh an Coimisiún an méid seo a leanas san áireamh:
(a)
fíorais shonracha an cháis agus an tríú tír nó na tríú tíortha lena mbaineann; agus
(b)
cearta agus oibleagáidí an Aontais i leith an tríú tír sin nó na dtríú tíortha sin de a thagann chun cinn faoin dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear aon chomhaontú arna thabhairt i gcrích le tríú tír amháin nó níos mó, agus an tAontas ina pháirtí ann, lena dtéitear i ngleic le saincheisteanna chinnteacht an tsoláthair fuinnimh.
|
|
Airteagal 53 8.
|
Déanfaidh an t-údarás rialála, laistigh de 2 mhí tar éis dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear i mír 6, a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh maidir leis an deimhniú. I nglacadh a chinnidh chríochnaithigh dó, cuirfidh an t-údarás rialála tuairim an Choimisiúin san áireamh go dícheallach. In aon chás, beidh sé de cheart ag na Ballstáit an deimhniú a dhiúltú i gcás ina gcuirfí cinnteacht an tsoláthair fuinnimh sa Bhallstát nó i mBallstát eile i mbaol de dheasca an deimhniú a dheonú. I gcás ina mbeidh údarás inniúil náisiúnta eile ainmnithe ag an mBallstát chun an measúnú dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 3 a dhéanamh, féadfaidh sé ceangal a chur ar an údarás rialála a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh i gcomhréir le measúnú an údaráis inniúil náisiúnta sin. Déanfar cinneadh críochnaitheach an údaráis rialála agus tuairim an Choimisiúin a fhoilsiú in éineacht. I gcás ina n-imeoidh an cinneadh críochnaitheach ó thuairim an Choimisiúin, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an réasúnú is bonn leis an gcinneadh sin a chur ar fáil agus a fhoilsiú maille leis an gcinneadh.
|
|
Airteagal 53 9.
|
Ní dhéanfaidh aon rud san Airteagal seo difear do cheart na mBallstát rialuithe dlíthiúla náisiúnta a fheidhmiú, i gcomhréir le dlí an Aontais, chun leasanna dlisteanacha slándála poiblí a chosaint.
|
|
Airteagal 53 10.
|
Beidh feidhm ag an Airteagal seo freisin, cé is moite de phointe (a) de mhír 3 de, maidir leis na Ballstáit atá faoi réir maolú faoi Airteagal 66.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|