+Airteagal 57 Ainmniú agus neamhspleáchas na n-údarás rialála
---+Airteagal 57 1.
---+Airteagal 57 2.
---+Airteagal 57 3.
---+Airteagal 57 4.
---+Airteagal 57 5.
---+Airteagal 57 6.
---+Airteagal 57 7.
|
Airteagal 57 Ainmniú agus neamhspleáchas na n-údarás rialála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 57 1.
|
Ainmneoidh gach Ballstát údarás rialála aonair ar an leibhéal náisiúnta.
|
|
Airteagal 57 2.
|
Beidh mír 1 gan dochar d'ainmniú údarás rialála eile ar an leibhéal réigiúnach laistigh de na Ballstáit, ar choinníoll go mbeidh ionadaí sinsearach amháin ann chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhord Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 21(1) de Rialachán (AE) 2019/942.
|
|
Airteagal 57 3.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh Ballstát údaráis rialála a ainmniú le haghaidh córais bheaga i réigiún atá ar leithligh ó thaobh na geografaíochta de arbh ionann tomhaltas an chórais, in 2008, agus níos lú ná 3 % de thomhaltas iomlán an Bhallstáit ar cuid de é. Beidh an maolú sin gan dochar d'ionadaí sinsearach amháin a cheapadh chun críocha ionadaíochta agus teagmhála ar leibhéal an Aontais laistigh de Bhoird Rialálaithe ACER i gcomhréir le hAirteagal 22(1) de Rialachán (AE) 2019/942.
|
|
Airteagal 57 4.
|
Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:
(a)
go bhfuil sé uathúil ó thaobh an dlí agus neamhspleách ó thaobh na feidhmíochta ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile;
(b)
go n-áirithíonn sé, i dtaca lena fhoireann agus leis na daoine atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh air:
(i)
go gníomhóidh siad go neamhspleách ó aon leas margaidh; agus
(ii)
nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha go díreach ó aon rialtas ná ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí rialála á ndéanamh acu. Tá an ceanglas sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha nó do threoirlínte ginearálta beartais arna n-eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59.
|
|
Airteagal 57 5.
|
Chun neamhspleáchas an údaráis rialála a chosaint, déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas, go háirithe, a áirithiú:
(a)
gur féidir leis an údarás rialála cinntí uathrialacha a dhéanamh, go neamhspleách ar aon chomhlacht polaitiúil;
(b)
go bhfuil ag an údarás rialála na hacmhainní daonna agus airgeadais riachtanacha go léir a theastaíonn uaidh chun a chuid dualgas a dhéanamh agus a chuid cumhachtaí a fheidhmiú ar shlí éifeachtach agus éifeachtúil;
(c)
go bhfuil ag an údarás rialála leithdháiltí buiséadacha bliantúla ar leithligh agus go bhfuil neamhspleáchas aige i gcur chun feidhme an bhuiséid sin atá leithdháilte air;
(d)
go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála ar théarma seasta de chúig suas le 7 mbliana, téarma is féidir a athnuachan aon uair amháin;
(e)
go gceaptar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, bainistíocht shinsearach an údaráis rialála, bunaithe ar chritéir oibiachtúla, thrédhearcacha agus atá foilsithe, faoi nós imeachta neamhspleách neamhchlaonta, lena n-áirithítear go mbeidh na scileanna agus an taithí is gá ag na hiarrthóirí don phost ábhartha san údarás rialála;
(f)
go bhfuil forálacha maidir le coinbhleacht leasa i bhfeidhm agus go leanann oibleagáidí rúndachta d'fheidhm a bheith acu tar éis dheireadh shainordú chomhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, ag deireadh shainordú chomhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála;
(g)
nach bhféadfar comhaltaí bhord an údaráis rialála nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí bhainistíocht shinsearach an údaráis rialála a dhífhostú ach amháin ar bhonn critéir thrédhearcachta atá i bhfeidhm.
I dtaca le pointe (d) den chéad fhomhír, áiritheoidh Ballstáit scéim sealaíochta iomchuí don bhord nó don bhainistíocht shinsearach. Ní fhéadfar comhaltaí an bhoird nó, mura bhfuil bord ann, comhaltaí na bainistíochta sinsearaí, a chur as oifig le linn a dtéarma ach amháin mura gcomhlíonann siad na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal seo a thuilleadh nó más rud é go raibh siad ciontach as mí-iompar faoin dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 57 6.
|
Féadfaidh Ballstáit a fhoráil go ndéanfadh iniúchóir neamhspleách rialú ex post ar chuntais bhliantúla na n-údarás rialála.
|
|
Airteagal 57 7.
|
Faoin 5 Iúil 2022 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le comhlíonadh phrionsabal an neamhspleáchais a leagtar amach san Airteagal seo ag na húdaráis náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|