|
+Airteagal 57 4. |
Airteagal 57 4.Ráthóidh na Ballstáit neamhspleáchas an údaráis rialála agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh sé a chumhachtaí a fheidhmiú ar bhealach neamhchlaonta agus trédhearcach. Chuige sin, áiritheoidh na Ballstáit, i dtaca leis an údarás rialála, le linn dó na cúraimí a thugtar dó leis an Treoir seo agus le reachtaíocht ghaolmhar a chomhlíonadh:
(a)
go bhfuil sé uathúil ó thaobh an dlí agus neamhspleách ó thaobh na feidhmíochta ó aon eintiteas poiblí nó príobháideach eile;
(b)
go n-áirithíonn sé, i dtaca lena fhoireann agus leis na daoine atá freagrach as bainistíocht a dhéanamh air:
(i)
go gníomhóidh siad go neamhspleách ó aon leas margaidh; agus
(ii)
nach lorgóidh siad ná nach nglacfaidh siad treoracha go díreach ó aon rialtas ná ó eintiteas poiblí nó príobháideach eile agus na cúraimí rialála á ndéanamh acu. Tá an ceanglas sin gan dochar don dlúthchomhar, de réir mar is iomchuí, le húdaráis náisiúnta ábhartha nó do threoirlínte ginearálta beartais arna n-eisiúint ag an rialtas nach mbaineann leis na cumhachtaí agus dualgais rialála faoi Airteagal 59. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|