|
+Airteagal 59 3. |
Airteagal 59 3.Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí d'údaráis rialála a chuirfidh ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag an údarás rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:
(a)
cinntí ceangailteacha a eisiúint i leith gnóthais leictreachais;
(b)
imscrúduithe a dhéanamh maidir le feidhmiú na margaí leictreachais, agus cinneadh a dhéanamh ar aon bhearta riachtanacha agus comhréireacha chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú, agus na bearta sin a fhorchur. I gcás inarb iomchuí, beidh an chumhacht ag an údarás rialála freisin comhoibriú leis an údarás iomaíochta náisiúnta agus le rialálaithe an mhargaidh airgeadais nó leis an gCoimisiún i seoladh aon imscrúdú a bhaineann le dlí na hiomaíochta;
(c)
aon fhaisnéis a éileamh ó ghnóthais leictreachais atá ábhartha chun a chúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear an bonn cirt le haon diúltú rochtain a dheonú do thríú páirtithe, agus aon fhaisnéis maidir le bearta is gá chun an gréasán a threisiú;
(d)
pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943 nó aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu, lena n-áirítear an chumhacht pionóis de suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchurtha a ghearradh ar an oibreoir córais tarchurtha, nó moladh a dhéanamh iad a ghearradh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a ghearradh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó moladh iad a ghearradh air, de réir an cháis, as neamh-chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; agus
(e)
cearta iomchuí imscrúdaithe agus cumhachtaí ábhartha teagaisc a thabhairt i dtaca le réiteach díospóidí faoi Airteagal 60(2) agus (3). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|