+Airteagal 59 Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála
---+Airteagal 59 1.
---+Airteagal 59 2.
---+Airteagal 59 3.
---+Airteagal 59 4.
---+Airteagal 59 5.
---+Airteagal 59 6.
---+Airteagal 59 7.
---+Airteagal 59 8.
---+Airteagal 59 9.
---+Airteagal 59 10.
|
Airteagal 59 Dualgais agus cumhachtaí na n-údarás rialála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 59 1.
|
Beidh na dualgais seo a leanas ar an údarás rialála:
(a)
taraifí tarchurtha nó dáileacháin nó na modheolaíochtaí a ghabhann leo, nó an dá cheann, a shocrú nó a fhormheas, i gcomhréir leis na critéir thrédhearcacha;
▼M1
(aa)
na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 3, Airteagal 5(7) agus Airteagail 14 go 17 de Rialachán (AE) 2022/869 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
13
) a chur i gcrích;
▼B
(b)
a áirithiú go bhfuil oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin agus, i gcás inarb ábhartha, úinéirí na gcóras, chomh maith le haon ghnóthas leictreachais eile agus rannpháirtithe eile sa mhargadh, ag comhlíonadh a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943, faoi na cóid ghréasáin agus faoi na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus faoi dhlí ábhartha eile an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le saincheisteanna trasteorann, mar aon le cinntí de chuid ACER;
▼M3
(c)
i ndlúthchomhar leis na húdaráis rialála eile, a áirithiú go gcomhlíonann an t-ardán aonair um leithdháileadh arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/1719 ón gCoimisiún (
14
), ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943, na cóid ghréasáin agus na treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943, agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le saincheisteanna trasteorann, chomh maith le cinntí ACER, agus neamhchomhlíonadh an ardáin aonair um leithdháileadh, ENTSO don Leictreachas agus eintiteas AE do OCDanna maidir lena n-oibleagáidí faoi seach a shainaithint go comhpháirteach; i gcás nach mbeidh na húdaráis rialála in ann teacht ar chomhaontú laistigh de thréimhse ceithre mhí tar éis tús a chur le comhairliúcháin chun neamhchomhlíonadh a shainaithint go comhpháirteach, déanfar an t-ábhar a tharchur chuig ACER le haghaidh cinnidh, de bhun Airteagal 6(10) de Rialachán (AE) 2019/942;
▼B
(d)
táirgí agus próiseas soláthair a fhormheas le haghaidh seirbhísí coimhdeachta neamh-mhinicíochta;
(e)
na cóid ghréasáin agus treoirlínte arna nglacadh de bhun Airteagail 59, 60 agus 61 de Rialachán (AE) 2019/943 a chur chun feidhme trí bhíthin bearta náisiúnta nó, i gcás inar gá sin, trí bhíthin bearta comhordaithe réigiúnacha nó uile-Aontais;
(f)
comhoibriú le húdarás rialála nó le húdaráis na mBallstát lena mbaineann agus le ACER i ndáil le saincheisteanna trasteorann, go háirithe trí rannpháirteachas in obair Bhord Rialálaithe ACER de bhun Airteagal 21 de Rialachán (AE) 2019/942;
(g)
aon chinntí ábhartha de chuid an Choimisiúin agus de chuid ACER atá ina gceangal ó thaobh an dlí de a chomhlíonadh agus a chur chun feidhme;
(h)
a áirithiú go ndéanann oibreoirí córas tarchurtha acmhainneachtaí idirnascairí a chur ar fáil a mhéad agus is féidir é de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2019/943;
(i)
tuairisciú bliantúil a dhéanamh le húdaráis ábhartha na mBallstát, leis an gCoimisiún agus le ACER maidir lena ghníomhaíochtaí agus maidir le comhlíonadh a dhualgas, lena n-áirítear maidir leis na céimeanna a glacadh agus na torthaí a fuarthas i ndáil le gach ceann de na cúraimí a liostaítear san Airteagal seo;
(j)
a áirithiú nach ann do thras-fhóirdheonú idir gníomhaíochtaí tarchurtha, dáileacháin agus gníomhaíochtaí soláthair nó gníomhaíochtaí leictreachais nó neamhleictreachais eile;
(k)
faireachán a dhéanamh ar phleananna infheistíochta na n-oibreoirí córas tarchurtha, agus measúnú a thabhairt ina thuarascáil bhliantúil ar phleananna infheistíochtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha i dtaca lena gcomhsheasmhacht le plean forbartha gréasáin uile-Aontais, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí; féadfar moltaí chun na pleananna infheistíochta sin a leasú a bheith san áireamh i measúnú den sórt sin;
(l)
faireachán agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na n-oibreoirí córas tarchurtha agus na n-oibreoirí córas dáileacháin i ndáil le forbairt a dhéanamh ar eangach chliste ina gcuirtear an éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn mar aon leis an gcomhtháthú fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite bunaithe ar shraith theoranta de tháscairí, agus tuarascáil náisiúnta a fhoilsiú gach 2 bhliain, lena n-áirítear moltaí;
(m)
caighdeáin agus ceanglais le haghaidh cáilíocht na seirbhíse agus cáilíocht an tsoláthair a shocrú nó a fhormheas nó rannchuidiú leo sin in éineacht le húdaráis inniúla eile agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha maidir le slándáil agus iontaofacht na ngréasán agus athbhreithniú ar fheidhmíocht san am atá caite ina leith;
(n)
faireachán a dhéanamh ar an leibhéal trédhearcachta, lena n-áirítear trédhearcacht phraghsanna mórdhíola, agus comhlíonadh na ngnóthas leictreachais le hoibleagáidí trédhearcachta a áirithiú;
(o)
faireachán a dhéanamh ar leibhéal agus ar éifeachtacht oscailt an mhargaidh agus na hiomaíochta ar an leibhéal mórdhíola agus ar an leibhéal miondíola, lena n-áirítear maidir le malartuithe leictreachais, praghsanna do chustaiméirí teaghlaigh lena n-áirítear córais réamhíocaíochta, an tionchar atá ag conarthaí leictreachais praghsála dinimiciúla agus úsáid córas méadraithe chliste, rátaí chun athrú ó sholáthróir amháin go ceann eile, rátaí díscoir, muirir le haghaidh seirbhísí cothabhála, déanamh na seirbhísí cothabhála, an ghaolmhaireacht idir praghsanna teaghlaigh agus praghsanna mórdhíola, éabhlú tharaifí agus thobhaigh na heangaí. agus gearáin ó chustaiméirí teaghlaigh, chomh maith le haon saobhadh nó srianadh ar an iomaíocht, lena n-áirítear trí aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar, agus trí aon chás ábhartha a chur faoi bhráid na n-údarás iomaíochta ábhartha;
(p)
faireachán a dhéanamh ar chleachtais shriantacha chonarthacha a bheith ag tarlú, lena n-áirítear clásail eisiachais a d'fhéadfadh cosc a chur ar chustaiméirí conarthaí a dhéanamh i gcomhthráth le níos mó ná soláthróir amháin nó srianadh a chur leis an rogha atá acu é sin a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, údaráis iomaíochta náisiúnta a chur ar an eolas faoi chleachtais den sórt sin;
(q)
faireachán a dhéanamh ar an méid ama a thógann sé ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin naisc agus deisiúcháin a dhéanamh;
(r)
cabhrú chun a áirithiú, in éineacht leis na húdaráis ábhartha eile, go bhfuil na bearta cosanta tomhaltóirí éifeachtach agus go ndéantar forfheidhmiú orthu.
(s)
moltaí a fhoilsiú, go bliantúil ar a laghad, i ndáil le hAirteagal 5 a bheith á chomhlíonadh ag na praghsanna soláthair, agus na moltaí sin a thabhairt do na húdaráis iomaíochta, i gcás inarb iomchuí;
(t)
Rochtain neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ar shonraí faoi thomhaltas custaiméirí, sonraí tomhaltais a sholáthar i bhformáid chomhchuibhithe atá éasca a thuiscint ar an leibhéal náisiúnta, don úsáid roghnach, agus rochtain phras a áirithiú do gach custaiméir ar shonraí den sórt sin de bhun Airteagail 23 agus 24;
(u)
faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na rialacha a bhaineann le róil agus freagrachtaí na n-oibreoirí córas tarchurtha, na n-oibreoirí córas dáileacháin, soláthróirí agus custaiméirí agus rannpháirtithe eile sa mhargadh de bhun Rialachán (AE) 2019/943;
(v)
faireachán a dhéanamh ar infheistíochtaí sna hacmhainneachtaí giniúna agus stórála a bhaineann le cinnteacht an tsoláthair;
(w)
faireachán a dhéanamh ar an gcomhar teicniúil idir oibreoirí córas tarchurtha an Aontais agus oibreoirí córas tarchurtha tríú tíortha;
(x)
rannchuidiú le comhoiriúnacht na bpróiseas um malartú sonraí do na próisis mhargaidh is tábhachtaí ar an leibhéal réigiúnach;
(y)
faireachán a dhéanamh ar infhaighteacht uirlisí chun comparáid a dhéanamh a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 14;
▼M3
(z)
faireachán a dhéanamh ar dheireadh a chur le bacainní agus srianta gan údar ar fhorbairt thomhaltas leictreachais fhéinghinte nó comhroinnte fuinnimh, ar fhorbairt comhphobal fuinnimh in-athnuaite agus pobal fuinnimh saoránach, lena n-áirítear bacainní agus srianta lena gcuirtear cosc ar ghiniúint sholúbtha dháilte fuinnimh a nascadh laistigh de thréimhse réasúnta i gcomhréir le hAirteagal 58, pointe (d).
▼B
|
|
Airteagal 59 2.
|
I gcás ina ndearna Ballstát foráil dá leithéid, féadfaidh údaráis eile seachas an t-údarás rialála na dualgais faireacháin a leagtar amach i mír 1 a dhéanamh. I gcás den sórt sin, cuirfear an fhaisnéis a eascraíonn as faireachán den sórt sin ar fáil don údarás rialála a luaithe is féidir. Rachaidh an t-údarás rialála, agus a neamhspleáchas á chaomhnú aige, gan dochar dá inniúlacht shonrach féin agus i gcomhréir le prionsabail na rialála níos fearr, de réir mar is iomchuí, i gcomhairle le hoibreoirí córas tarchurtha agus, de réir mar is iomchuí, i ndlúthchomhar le húdaráis náisiúnta ábhartha eile nuair a bheidh na dualgais a leagtar amach i mír 1 á ndéanamh aige. Tá aon fhormheas a thabharfaidh údarás rialála nó ACER faoin Treoir seo gan dochar d'aon úsáid amach anseo a bhfuil bonn cirt cuí leis a bhainfidh an t-údarás rialála as na cumhachtaí atá aige faoin Airteagal seo ná d'aon phionóis arna ngearradh ag údaráis ábhartha eile nó ag an gCoimisiún.
|
|
Airteagal 59 3.
|
Áiritheoidh Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí d'údaráis rialála a chuirfidh ar a gcumas na dualgais dá dtagraítear san Airteagal seo a dhéanamh ar bhealach éifeachtúil agus gasta. Chuige sin, beidh cumhachtaí ag an údarás rialála an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:
(a)
cinntí ceangailteacha a eisiúint i leith gnóthais leictreachais;
(b)
imscrúduithe a dhéanamh maidir le feidhmiú na margaí leictreachais, agus cinneadh a dhéanamh ar aon bhearta riachtanacha agus comhréireacha chun iomaíocht éifeachtach a chur chun cinn agus chun dea-fheidhmiú an mhargaidh a áirithiú, agus na bearta sin a fhorchur. I gcás inarb iomchuí, beidh an chumhacht ag an údarás rialála freisin comhoibriú leis an údarás iomaíochta náisiúnta agus le rialálaithe an mhargaidh airgeadais nó leis an gCoimisiún i seoladh aon imscrúdú a bhaineann le dlí na hiomaíochta;
(c)
aon fhaisnéis a éileamh ó ghnóthais leictreachais atá ábhartha chun a chúraimí a chur i gcrích, lena n-áirítear an bonn cirt le haon diúltú rochtain a dheonú do thríú páirtithe, agus aon fhaisnéis maidir le bearta is gá chun an gréasán a threisiú;
(d)
pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar ghnóthais leictreachais nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, Rialachán (AE) 2019/943 nó aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu, lena n-áirítear an chumhacht pionóis de suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an oibreora córais tarchurtha a ghearradh ar an oibreoir córais tarchurtha, nó moladh a dhéanamh iad a ghearradh, nó suas le 10 % de láimhdeachas bliantúil an ghnóthais atá comhtháite go hingearach a ghearradh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach, nó moladh iad a ghearradh air, de réir an cháis, as neamh-chomhlíonadh a n-oibleagáidí faoi seach de bhun na Treorach seo; agus
(e)
cearta iomchuí imscrúdaithe agus cumhachtaí ábhartha teagaisc a thabhairt i dtaca le réiteach díospóidí faoi Airteagal 60(2) agus (3).
|
|
Airteagal 59 4.
|
An t-údarás rialála atá suite sa Bhallstát ina bhfuil a shuíomh ag an ardán aonair um leithdháileadh, ag ENTSO don Leictreachas nó ag eintiteas AE do OCDanna, beidh de chumhacht aige pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur ar na heintitis sin i gcás nach gcomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoin Treoir seo, faoi Rialachán (AE) 2019/943 nó faoi aon chinneadh ábhartha ón údarás rialála nó ó ACER atá ceangailteach ó thaobh dlí, nó moladh a dhéanamh go ngearrfadh cúirt inniúil pionóis den sórt sin orthu.
|
|
Airteagal 59 5.
|
Chomh maith leis na dualgais arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina mbeidh oibreoir córais neamhspleách ainmnithe faoi Airteagal 44, déanfaidh an t-údarás rialála an méid seo a leanas:
(a)
faireachán ar chomhlíonadh a n-oibleagáidí ag úinéir an chórais tarchurtha agus ag oibreoir an chórais neamhspleách faoin Airteagal seo, agus pionóis as neamh-chomhlíonadh a eisiúint i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3;
(b)
faireachán ar an gcaidreamh agus ar an gcumarsáid idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibreoir an chórais neamhspleách a oibleagáidí, agus go háirithe conarthaí a fhormheas agus gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí idir oibreoir an chórais neamhspleách agus úinéir an chórais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna seoladh isteach ag ceachtar den dá pháirtí de bhun Airteagal 60(2);
(c)
gan dochar don nós imeachta faoi phointe (c) d'Airteagal 44(2), don chéad phlean forbartha gréasáin 10 mbliana, formheas a dhéanamh ar phleanáil na n-infheistíochtaí agus ar an bplean forbartha gréasáin ilbhliantúil arna thíolacadh ag an oibreoir córais neamhspleách ar a laghad gach 2 bhliain;
(d)
a áirithiú go mbeidh san áireamh sna taraifí um rochtain ar an ngréasán arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách, luach saothar d'úinéir an ghréasáin nó d'úinéirí an ghréasáin, lena ndéantar foráil maidir le luach saothair leormhaith ar shócmhainní an ghréasáin agus ar aon infheistíochtaí nua arna ndéanamh ann, ar choinníoll go ndéantar iad a thabhú go tíosach agus go héifeachtúil;
(e)
cumhacht cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí gan fógra roimh ré, ag áitreabh úinéir an chórais tarchurtha agus oibreoir an chórais neamhspleách; agus
(f)
faireachán ar úsáid na muirear ó phlódú arna mbailiú ag oibreoir an chórais neamhspleách i gcomhréir le hAirteagal 19(2) de Rialachán (AE) 2019/943.
|
|
Airteagal 59 6.
|
Sa bhreis ar na dualgais agus cumhachtaí arna mbronnadh air faoi mhíreanna 1 agus 3 den Airteagal seo, i gcás ina ndearnadh oibreoir córais tarchurtha a ainmniú i gcomhréir le Roinn 3 de Chaibidil VI, deonófar dualgais agus cumhachtaí don údarás rialála chun an méid seo a leanas ar a laghad a dhéanamh:
(a)
pionóis a ghearradh i gcomhréir le pointe (d) de mhír 3 as iompraíocht idirdhealaitheach i bhfabhar an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;
(b)
faireachán ar an gcumarsáid idir an t-oibreoir córais tarchurtha agus an gnóthas atá comhtháite go hingearach chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh an t-oibreoir córais tarchurtha a oibleagáidí;
(c)
feidhmiú mar údarás um réiteach díospóidí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha i ndáil le haon ghearán arna gcur isteach de bhun Airteagal 60(2);
(d)
faireachán ar an gcaidreamh tráchtála agus airgeadais lena n-áirítear iasachtaí idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha;
(e)
gach socrú tráchtála agus airgeadais idir an gnóthas atá comhtháite go hingearach agus an t-oibreoir córais tarchurtha a fhormheas ar choinníoll go gcomhlíonann siad coinníollacha an mhargaidh;
(f)
bonn cirt a iarraidh ar an ngnóthas atá comhtháite go hingearach nuair a thugann an t-oifigeach comhlíontachta fógra dó i gcomhréir le hAirteagal 50(4), amhail bonn cirt lena n-áirítear, go háirithe, fianaise lena léirítear nár tharla aon iompraíocht idirdhealaitheach chun buntáiste an ghnóthais atá comhtháite go hingearach;
(g)
cigireachtaí a dhéanamh, lena n-áirítear cinn gan fógra roimh ré, ar áitreabh an ghnóthais atá comhtháite go hingearach agus an oibreora córais tarchurtha; agus
(h)
cúraimí uile nó cúraimí sonracha de chuid an oibreora córais tarchurtha a shannadh d'oibreoir córais neamhspleách arna cheapadh i gcomhréir le hAirteagal 44 i gcás go ndéanann oibreoir córais tarchurtha sárú leanúnach ar a oibleagáidí faoin Treoir seo, go háirithe i gcás iompraíocht idirdhealaitheach a tharlaíonn arís agus arís eile chun tairbhe an ghnóthais atá comhtháite go hingearach.
|
|
Airteagal 59 7.
|
Ach amháin i gcásanna ina bhfuil ACER inniúil chun na téarmaí agus coinníollacha nó na modheolaíochtaí a shocrú agus a fhormheas chun cóid ghréasáin agus treoirlínte a chur chun feidhme faoi Chaibidil VII de Rialachán (AE) 2019/943 de bhun Airteagal 5(2) de Rialachán (AE) 2019/942 toisc go bhfuil comhordú i gceist leo, is ar na húdaráis rialála a bheidh an fhreagracht ar a laghad na modheolaíochtaí náisiúnta a úsáidtear chun na nithe seo a leanas a ríomh, nó chun téarmaí agus coinníollacha dóibh a bhunú, a shocrú nó a fhormheas tamall leordhóthanach sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm:
(a)
ceangal chuig agus rochtain ar ghréasáin náisiúnta, lena n-áirítear taraifí tarchurtha agus dáileacháin nó a modheolaíochtaí, ar taraifí agus modheolaíochtaí iad a fhágfaidh gur féidir na hinfheistíochtaí is gá sna gréasáin a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh go ndéanfar inmharthanacht na ngréasán a áirithiú leis na hinfheistíochtaí sin;
(b)
seirbhísí coimhdeacha a sholáthar a dhéanfar ar an mbealach is tíosaí agus is féidir agus a thabharfaidh dreasachtaí iomchuí d'úsáideoirí an ghréasáin a n-ionchur agus a dtógáil leictreachais a chomhardú, ar seirbhísí coimhdeacha iad a sholáthrófar ar bhealach cóir agus neamh-idirdhealaitheach agus a bheidh bunaithe ar chritéir oibiachtúla; agus
(c)
rochtain ar bhonneagair thrasteorann, lena n-áirítear na nósanna imeachta le haghaidh acmhainn a leithdháileadh agus bainistiú a dhéanamh ar phlódú.
|
|
Airteagal 59 8.
|
Foilseofar na modheolaíochtaí nó na téarmaí agus coinníollacha dá dtagraítear i mír 7.
|
|
Airteagal 59 9.
|
D'fhonn trédhearcacht a mhéadú sa mhargadh agus gach faisnéis agus cinneadh nó togra le haghaidh cinntí is gá a sholáthar do gach páirtí leasmhar a bhaineann le taraifí tarchurtha agus dáileacháin amhail dá dtagraítear in Airteagal 60(3), cuirfidh údaráis rialála an mhodheolaíocht mhionsonraithe agus na bunchostais a úsáideadh chun na taraifí gréasáin ábhartha a ríomh ar fáil go poiblí, agus fós rúndacht faisnéise atá íogaireacht go tráchtála á gcaomhnú acu.
|
|
Airteagal 59 10.
|
Déanfaidh údaráis rialála faireachán ar bhainistiú ar phlódú sna córais leictreachais náisiúnta, lena n-áirítear idirnascairí, agus ar chur chun feidhme na rialacha maidir le bainistiú ar phlódú. Chuige sin, cuirfidh oibreoirí córas tarchurtha nó oibreoirí margaidh a gcuid rialacha maidir le bainistiú ar phlódú, lena n-áirítear leithdháileadh acmhainneachta, faoi bhráid na n-údarás rialála. Féadfaidh údarás rialála leasuithe ar na rialacha sin a iarraidh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|