+Airteagal 60 Cinntí agus gearáin
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
---+Airteagal 60 5.
---+Airteagal 60 6.
---+Airteagal 60 7.
---+Airteagal 60 8.
|
Airteagal 60 Cinntí agus gearáin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Beidh an t-údarás ag údaráis rialála a chur de cheangal ar oibreoirí córas tarchurtha agus oibreoirí córas dáileacháin, más gá, na téarmaí agus coinníollacha a mhodhnú, lena n-áirítear taraifí nó modheolaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 59 den Treoir seo, lena áirithiú go bhfuil siad comhréireach agus á gcur i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/943. I gcás go mbeidh moill ann na taraifí tarchurtha agus dáileacháin a shocrú, beidh an chumhacht ag údaráis rialála taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha tarchurtha agus dáileacháin a shocrú nó a fhormheas agus cinneadh a dhéanamh ar na bearta cúitimh iomchuí má imíonn na taraifí nó modheolaíochtaí tarchurtha nó dáileacháin deiridh ó na taraifí nó modheolaíochtaí sealadacha sin.
|
|
Airteagal 60 2.
|
Aon pháirtí a bhfuil gearán aige i gcoinne oibreoir córais tarchurtha nó dáileacháin i ndáil le hoibleagáidí an oibreora sin faoin Treoir seo, féadfaidh sé an gearán a tharchur chuig an údaráis rialála a eiseoidh, agus é ag gníomhú mar údarás um réiteach díospóidí, cinneadh laistigh de 2 mhí ón ngearán a fháil. Féadfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí i gcás ina mbeidh faisnéis bhreise á lorg ag an údarás rialála. Féadfar an tréimhse fhadaithe sin a fhadú arís le comhaontú ón ngearánach. Beidh éifeacht cheangailteach ag cinneadh an údaráis rialála ach amháin má chuirtear ar neamhní é ar achomharc, agus go dtí go ndéantar é sin.
|
|
Airteagal 60 3.
|
Aon pháirtí a ndéantar difear dó agus a bhfuil ceart aige gearán a dhéanamh a bhaineann le cinneadh maidir le modheolaíochtaí arna dhéanamh de bhun Airteagal 59 nó, i gcás ina bhfuil dualgas ar an údarás rialála dul i gcomhairle, a bhaineann leis na taraifí nó modheolaíochtaí atá beartaithe, féadfaidh sé, laistigh de 2 mhí, nó laistigh de thréimhse níos giorra arna foráil ag Ballstáit, tar éis an cinneadh nó an togra le haghaidh cinnidh a fhoilsiú, gearán a sheoladh isteach ina n-iarrtar athbhreithniú. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag gearán den sórt sin.
|
|
Airteagal 60 4.
|
Cruthóidh Ballstáit sásraí iomchuí agus éifeachtúla don rialáil, don rialú agus don trédhearcacht d'fhonn aon mhí-úsáid ceannasachta, go háirithe chun dochair custaiméirí, agus aon iompraíocht chreachach a sheachaint. Sna sásraí sin, cuirfear forálacha CFAE, go háirithe Airteagal 102 de, san áireamh.
|
|
Airteagal 60 5.
|
Áiritheoidh Ballstáit go ndéantar na bearta iomchuí, lena n-áirítear gníomhaíocht riaracháin nó imeachtaí coiriúla i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, i gcoinne na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach i gcás nár urramaíodh rialacha rúndachta arna bhforchur faoin Treoir seo.
|
|
Airteagal 60 6.
|
Beidh gearáin dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 gan dochar d'fheidhmiú na gceart chun achomhairc faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 60 7.
|
Beidh cinntí arna ndéanamh ag údaráis rialála go hiomlán réasúnaithe agus beidh bonn cirt leo ionas gur féidir athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh. Beidh na cinntí ar fáil don phobal agus ag an am céanna déanfar rúndacht na faisnéise atá íogair ó thaobh na tráchtála de a chaomhnú.
|
|
Airteagal 60 8.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil sásraí oiriúnacha ann, ar an leibhéal náisiúnta, ar sásraí iad faoina mbeidh ceart ag páirtí a ndearna cinneadh de chuid údaráis rialála difear dó achomharc a dhéanamh chuig comhlacht atá neamhspleách ar na páirtithe lena mbaineann agus ar aon rialtas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 12.10.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L0944
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|