2. Mura bhfuil aon teorainneacha ama ná rialacha eile lena rialáiltear soláthar prapúil doiciméad bunaithe, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí an iarraidh a phróiseáil agus na doiciméid a chur chuig an iarratasóir lena n-athúsáid nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 20 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar an creat ama sin a shíneadh 20 lá oibre breise i gcás iarrataí fairsinge nó casta. I gcásanna den sórt sin tabharfar fógra don iarratasóir a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 3 seachtaine ón iarraidh thosaigh go bhfuil gá le tuilleadh ama chun an iarraidh a phróiseáil agus na cúiseanna leis sin.