+Airteagal 4 Próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar athúsáid
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
---+Airteagal 4 6
|
Airteagal 4 Próiseáil a dhéanamh ar iarrataí ar athúsáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí, ar mhodhanna leictreonacha i gcás inar féidir agus inarb iomchuí, iarrataí ar athúsáid a phróiseáil agus an doiciméad a chur ar fáil lena athúsáid ag an iarratasóir nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche laistigh de thréimhse réasúnach atá ag teacht leis na creataí ama a leagtar síos le haghaidh próiseáil iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid.
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Mura bhfuil aon teorainneacha ama ná rialacha eile lena rialáiltear soláthar prapúil doiciméad bunaithe, déanfaidh comhlachtaí earnála poiblí an iarraidh a phróiseáil agus na doiciméid a chur chuig an iarratasóir lena n-athúsáid nó, más gá ceadúnas, an tairiscint ceadúnais don iarratasóir a thabhairt chun críche a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 20 lá oibre tar éis dóibh an iarraidh a fháil. Féadfar an creat ama sin a shíneadh 20 lá oibre breise i gcás iarrataí fairsinge nó casta. I gcásanna den sórt sin tabharfar fógra don iarratasóir a luaithe is féidir, agus, in aon chás, laistigh de 3 seachtaine ón iarraidh thosaigh go bhfuil gá le tuilleadh ama chun an iarraidh a phróiseáil agus na cúiseanna leis sin.
|
|
Airteagal 4 3
|
3. Má dhéantar cinneadh diúltach, cuirfidh an comhlacht earnála poiblí foras an diúltaithe in iúl don iarratasóir ar bhonn na bhforálacha ábhartha de chóras rochtana an Bhallstáit sin nó ar bhonn na bhforálacha lena dtrasuítear an Treoir seo, go háirithe pointe (a) go pointe (h) d'Airteagal 1(2) nó Airteagal 3. Má tá cinneadh diúltach bunaithe ar phointe (c) d'Airteagal 1(2), cuirfidh an comhlacht earnála poiblí leis tagairt don duine nádúrtha nó dlítheanach arb é an sealbhóir cirt é, más fios sin, nó mar mhalairt air sin, tagairt don cheadúnóir a bhfuair an comhlacht earnála poiblí an t-ábhar i gceist uaidh. Ní bheidh sé de cheangal ar leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, ar mhúsaeim ná ar chartlanna tagairt den sórt sin a chur leis.
|
|
Airteagal 4 4
|
4. In aon chinneadh maidir le hathúsáid beidh tagairt do na modhanna sásaimh atá ann i gcás inar mian leis an iarratasóir agóid a dhéanamh i gcoinne an chinnidh. Ar na modhanna sásaimh beidh an deis ag comhlacht athbhreithnithe neamhchlaonta athbhreithniú a dhéanamh, ar comhlacht é a bhfuil an saineolas iomchuí aige, amhail an t-údarás iomaíochta náisiúnta, an t-údarás ábhartha um rochtain ar dhoiciméid, an t-údarás maoirseachta arna bhunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, nó údarás breithiúnach náisiúnta, agus a bhfuil a chuid cinntí ceangailteach ar an gcomhlacht earnála poiblí lena mbaineann.
|
|
Airteagal 4 5
|
5. Chun críocha an Airteagail seo, déanfaidh na Ballstáit socruithe praiticiúla a bhunú chun athúsáid éifeachtach doiciméad a éascú. D'fhéadfadh a áireamh sna socruithe sin, go háirithe, na meáin chun faisnéis leordhóthanach ar na cearta dá dtagraítear sa Treoir seo a sholáthar agus chun cúnamh agus treoir ábhartha a chur ar fáil.
|
|
Airteagal 4 6
|
6. Ní bheidh ceangal ar na heintitis seo a leanas an tAirteagal seo a chomhlíonadh:
|
(b)
|
bunaíochtaí oideachais, eagraíochtaí déanta taighde agus eagraíochtaí maoinithe taighde.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1024
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|