6. Más rud é, má chuirtear sonraí dinimiciúla dá dtagraítear i mír 5 ar fáil lena n-athúsáid láithreach tar éis a mbailithe agus, dá bharr sin, go sárófaí cumas an chomhlachta earnála poiblí, ó thaobh cúrsaí airgeadais nó cúrsaí teicniúla de agus, ar an gcaoi sin, go bhforchuirfí iarracht neamhréireach, cuirfear na sonraí dinimiciúla sin ar fáil lena n-athúsáid laistigh de chreat ama, nó faoi shrianta sealadacha, nach gcuirfidh isteach go míchuí ar shaothrú an phoitéinsil eacnamaíoch agus sóisialta atá iontu.