2. Má tá gá le ceart eisiach, áfach, le gur féidir seirbhís ar mhaithe le leas an phobail a sholáthar, déanfar athbhreithniú rialta ar bhailíocht an réasúin leis an gceart eisiach sin a dheonú, agus déanfar í a athbhreithniú, i ngach cás, gach 3 bliana. Na socruithe eisiacha a bhunófar an 16 Iúil 2019 nó dá éis, déanfar iad a chur ar fáil go poiblí, ar líne, 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le digitiú acmhainní cultúrtha.