+Airteagal 12 Socruithe eisiacha
---+Airteagal 12 1
---+Airteagal 12 2
---+Airteagal 12 3
---+Airteagal 12 4
---+Airteagal 12 5
|
Airteagal 12 Socruithe eisiacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 12 1
|
1. Beidh athúsáid doiciméad ar fáil do ghníomhaithe féideartha uile an mhargaidh, fiú má tá gníomhaí amháin nó níos mó ag saothrú táirgí breisluacha bunaithe ar na doiciméid sin cheana féin. Ní dhéanfar cearta eisiacha a dheonú le conarthaí ná le socruithe eile idir na comhlachtaí earnála poiblí nó na gnóthais phoiblí a bhfuil na doiciméid ina seilbh agus tríú páirtithe.
|
|
Airteagal 12 2
|
2. Má tá gá le ceart eisiach, áfach, le gur féidir seirbhís ar mhaithe le leas an phobail a sholáthar, déanfar athbhreithniú rialta ar bhailíocht an réasúin leis an gceart eisiach sin a dheonú, agus déanfar í a athbhreithniú, i ngach cás, gach 3 bliana. Na socruithe eisiacha a bhunófar an 16 Iúil 2019 nó dá éis, déanfar iad a chur ar fáil go poiblí, ar líne, 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.
Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le digitiú acmhainní cultúrtha.
|
|
Airteagal 12 3
|
3. D'ainneoin mhír 1, má bhaineann ceart eisiach le digitiú acmhainní cultúrtha, ní bheidh an tréimhse eisiachais níos faide, go ginearálta, ná 10 mbliana. I gcás ina bhfuil an tréimhse sin níos faide ná 10 mbliana, déanfar a fad a athbhreithniú san 11ú bliain agus, más infheidhme, gach 7 mbliana ina dhiaidh sin.
Na socruithe lena ndeonaítear cearta eisiacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, beidh siad trédhearcach agus poibleofar iad.
I gcás ceart eisiach dá dtagraítear sa chéad fhomhír, déanfar cóip de na hacmhainní cultúrtha digitithe a sholáthar saor in aisce don chomhlacht earnála poiblí lena mbaineann mar chuid de na socruithe sin. Beidh an chóip sin ar fáil lena hathúsáid nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse eisiachais.
|
|
Airteagal 12 4
|
4. Socruithe dlíthiúla nó praiticiúla arb é is aidhm leo, gan ceart eisiach a dheonú go sainráite, srian a chur le hinfhaighteacht doiciméad nó is féidir a cheapadh go réasúnach go gcuirfidh siad srian le hinfhaighteacht doiciméad lena n-athúsáid ag eintitis eile seachas an tríú páirtí atá páirteach sa socrú, cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne, 2 mhí ar a laghad sula dtiocfaidh siad i bhfeidhm. An éifeacht a bheidh ag socruithe dlíthiúla nó praiticiúla den chineál sin ar infhaighteacht sonraí lena n-athúsáid, beidh sí faoi réir athbhreithniú rialta agus, i gcás ar bith, gach 3 bliana. Téarmaí deiridh na socruithe sin beidh siad trédhearcach agus cuirfear ar fáil go poiblí iad, ar líne.
|
|
Airteagal 12 5
|
5. Socruithe eisiacha arbh ann dóibh ar an 17 Iúil 2013 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus arbh iad comhlachtaí earnála poiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha agus i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 18 Iúil 2043.
Socruithe eisiacha arbh ann dóibh an 16 Iúil 2019 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 agus arbh iad gnóthais phoiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha agus i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 17 Iúil 2049.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1024
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|