5. Socruithe eisiacha arbh ann dóibh ar an 17 Iúil 2013 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí dá bhforáiltear faoi mhír 2 agus faoi mhír 3 agus arbh iad comhlachtaí earnála poiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha agus i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 18 Iúil 2043.
Socruithe eisiacha arbh ann dóibh an 16 Iúil 2019 nach bhfuil cáilithe do na heisceachtaí a leagtar amach i mír 2 agus mír 3 agus arbh iad gnóthais phoiblí a rinne iad, déanfar iad a fhoirceannadh ag deireadh an chonartha agus i ngach cás, tráth nach déanaí ná an 17 Iúil 2049.