5. I gcás ina n-imreofaí tionchar suntasach ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí lena mbaineann dá gcuirfidís tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí, féadfaidh Ballstáit, ar feadh ré nach faide ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1, na comhlachtaí sin a dhíolmhú ón gceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce.