+Airteagal 14 Tacair ardluacha sonraí sonracha agus socruithe maidir le foilsiú agus athúsáid
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
---+Airteagal 14 4
---+Airteagal 14 5
|
Airteagal 14 Tacair ardluacha sonraí sonracha agus socruithe maidir le foilsiú agus athúsáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos liosta de thacair shonracha ardluacha sonraí a bhaineann leis na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus atá i seilbh comhlachtaí san earnáil phoiblí agus i seilbh gnóthais phoiblí i measc na ndoiciméad a bhfuil feidhm ag an Treoir seo maidir leo.
Maidir leis na tacair ardluacha sonraí sin:
|
(a)
|
cuirfear ar fáil saor in aisce iad, faoi réir mhíreanna 3, 4 agus 5;
|
|
(b)
|
beidh siad meaisín-inléite;
|
|
(c)
|
cuirfear ar fáil iad trí APInna; agus
|
|
(d)
|
cuirfear ar fáil iad, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.
|
Féadfar a shonrú sna gníomhartha cur chun feidhme sin na socruithe maidir le tacair ardluacha sonraí a fhoilsiú agus a athúsáid. Beidh na socruithe sin comhoiriúnach le ceadúnais chaighdeánacha oscailte.
Féadfar a áireamh sna socruithe sin téarmaí is infheidhme maidir le hathúsáid, formáidí sonraí agus meiteashonraí agus socruithe teicniúla maidir le scaipeadh. Infheistíochtaí a dhéanfaidh na Ballstáit i mbealaí cur chuige sonraí oscailte, amhail infheistíochtaí i bhforbairt agus i rolladh amach caighdeán áirithe, cuirfear san áireamh iad agus déanfar iad a chur sa mheá i gcomhthéacs na dtairbhí a d'fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí ar an liosta iad.
Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).
|
|
Airteagal 14 2
|
2. Sainaithint tacair shonracha ardluacha sonraí de bhun mhír 1, beidh sé bunaithe ar mheasúnú ar an bpoitéinseal atá iontu:
|
(a)
|
tairbhí socheacnamaíocha nó comhshaoil tábhachtacha agus seirbhísí nuálaíocha a chruthú;
|
|
(b)
|
dul chun tairbhe líon ard úsáideoirí, go háirithe FBManna,
|
|
(c)
|
cabhrú le hioncam a ghiniúint; agus
|
|
(d)
|
iad a chomhcheangal le tacair sonraí eile.
|
Chun na tacair ardluacha sonraí sonracha sin a shainaithint, cuirfidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí i gcrích, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, seolfaidh sé measúnú tionchair agus áiritheoidh sé an chomhlántacht le gníomhartha dlí arb ann dóibh, amhail Treoir 2010/40/AE, maidir le doiciméid a athúsáid. Áireofar ar an measúnú sin tionchair anailís chostais/sochair agus anailís ar a shuntasaí a bheadh an tionchar a d'imreofaí ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí má chuireann siad tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais atá acu a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí. Maidir le tacair sonraí ardluacha atá i seilbh gnóthas poiblí, tabharfaidh an measúnú tionchair aird ar leith ar an ról atá ag gnóthais phoiblí i dtimpeallacht eacnamaíoch iomaíoch.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. De mhaolú ar phointe (a) den dara fomhír de mhír 1, forálfar leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 nach gcuirfear tacair shonracha ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce i gcás tacair shonracha ardluacha sonraí atá i seilbh gnóthas poiblí i gcás ina ndéanfaí saobhadh leis an méid sin ar an iomaíocht sna margaí ábhartha de thoradh an mhéid sin.
|
|
Airteagal 14 4
|
4. An ceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce de bhun phointe (a) den dara fomhír de mhír 1, ní bheidh feidhm aige maidir le leabharlanna, lena n-áirítear leabharlanna ollscoile, músaeim ná cartlanna.
|
|
Airteagal 14 5
|
5. I gcás ina n-imreofaí tionchar suntasach ar bhuiséad na gcomhlachtaí san earnáil phoiblí lena mbaineann dá gcuirfidís tacair ardluacha sonraí ar fáil saor in aisce, ar comhlachtaí iad a gcuirtear de cheangal orthu ioncam a ghiniúint chun go gcumhdaítear cuid shuntasach de na costais a bhaineann le comhlíonadh a gcuid cúraimí poiblí, féadfaidh Ballstáit, ar feadh ré nach faide ná 2 bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an ghnímh cur chun feidhme ábhartha arna ghlacadh i gcomhréir le mír 1, na comhlachtaí sin a dhíolmhú ón gceanglas tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil saor in aisce.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.06.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L1024
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|