2. Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, déanfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna gníomhaíochta ceartaithí uile a bhaineann leis na deimhnithe a eisíodh le 3 bliana roimh an iarraidh a sheachadadh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir mar is infheidhme.