+Airteagal 6 Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
|
Airteagal 6 Rialacha agus oibleagáidí maidir le deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Deimhnithe atá faoi rialú ag Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo, tá siad faoi réir na rialacha is infheidhme maidir leo i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1139 agus na ngníomhartha cur chun feidhme agus na ngníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (CE) Uimh. 216/2008. Beidh ag an nGníomhaireacht na cumhachtaí a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/1139 agus sna gníomhartha cur chun feidhme agus sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh faoin Rialachán sin agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 maidir le heintitis a bhfuil a bpríomhionad gnó i dtríú tír.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, déanfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna gníomhaíochta ceartaithí uile a bhaineann leis na deimhnithe a eisíodh le 3 bliana roimh an iarraidh a sheachadadh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon ghníomhaíocht a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe a d'fhéadfadh teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 27.03.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0494
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|