1. Leis an Rialachán seo, cuirtear chun feidhme an fearann barrleibhéil náisiúnta (“ccTLD”) arb é .eu agus a mhalartaí infhaighte i scripteanna eile, chun tacú leis an margadh aonair digiteach, chun féiniúlacht Eorpach ar líne a chruthú agus chun gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh. Leagtar síos ann freisin na coinníollacha lena chur chun feidhme, lena n-áirítear ainmniú agus saintréithe na Clárlainne. Bunaítear leis an Rialachán seo freisin an creat beartais dlíthiúil agus ginearálta ar laistigh di a fheidhmeoidh an Chlárlann ainmnithe.