+Airteagal 4 Clárú agus cúlghairm ainmneacha fearainn
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
---+Airteagal 4 6
|
Airteagal 4 Clárú agus cúlghairm ainmneacha fearainn
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1
|
1. Déanfar ainm fearainn a leithdháileadh ar an bpáirtí incháilithe a bhfuil iarraidh faighte uaidh ar dtús ag an gClárlann ar an mbealach ceart go teicniúil mar a leagtar síos sna nósanna imeachta maidir le hiarrataí ar chlárú ar bhonn phointe (b) d'Airteagal 11.
|
|
Airteagal 4 2
|
2. Ní bheidh ainm fearainn cláraithe ar fáil lena chlárú arís go dtí go mbeidh an clárú imithe in éag gan athnuachan, nó go dtí go ndéanfar an t-ainm fearainn a chúlghairm.
|
|
Airteagal 4 3
|
3. Féadfaidh an Chlárlann ainm fearainn a chúlghairm ar a tionscnamh féin, gan an díospóid a chur faoi bhráid nós imeachta RMD nó nós imeachta breithiúnach, ar na forais seo a leanas:
|
(a)
|
tá fiacha gan íoc ann atá dlite don Chlárlann;
|
|
(b)
|
ní chomhlíonann sealbhóir ainm fearainn na critéir incháilitheachta de bhun Airteagal 3;
|
|
(c)
|
sárú ag sealbhóir an ainm fearainn ar na ceanglais maidir le hiarrataí ar chlárú a leagtar síos ar bhonn phointí (b) agus (c) d'Airteagal 11.
|
|
|
Airteagal 4 4
|
4. Féadfar ainm fearainn a chúlghairm freisin agus, más gá, é a aistriú ina dhiaidh sin chuig páirtí eile, tar éis nós imeachta um réiteach malartach díospóidí nó nós imeachta breithiúnach, i gcomhréir leis na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD arb é .eu a leagtar síos de bhun Airteagal 11, i gcás ina bhfuil an t-ainm sin comhionann le hainm, nó cosúil leis ar bhealach mearbhlach, a mbunaítear ceart ina leith le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, agus i gcás ina bhfuil sé:
|
(a)
|
cláraithe ag a shealbhóir gan chearta nó leas dlisteanach san ainm; nó
|
|
(b)
|
cláraithe nó in úsáid de mheon mímhacánta.
|
|
|
Airteagal 4 5
|
5. I gcás ina gcinntear le cinneadh ó chúirt de chuid Ballstáit go bhfuil ainm fearainn clúmhillteach, ciníoch nó contrártha don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí faoi dhlí an Aontais, nó dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh an Chlárlann é a bhac nuair a gheobhaidh sé fógra faoi chinneadh na cúirte, agus déanfar é a chúlghairm nuair a gheofar an fógra faoi chinneadh críochnaitheach na cúirte. Déanfaidh an Chlárlann na hainmneacha fearainn sin a bhí faoi réir ordú cúirte den sórt sin a bhac ó chlárú a dhéanamh sa todhchaí, fad agus go mbeidh an t-ordú sin fós bailí.
|
|
Airteagal 4 6
|
6. Ní bheidh ainmneacha fearainn arna gclárú faoin TLD arb é .eu in-aistrithe ach amháin chuig páirtithe atá incháilithe chun ainmneacha fearainn arb é .eu a chlárú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.03.2019 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0517
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|