5. I gcás ina gcinntear le cinneadh ó chúirt de chuid Ballstáit go bhfuil ainm fearainn clúmhillteach, ciníoch nó contrártha don bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí faoi dhlí an Aontais, nó dlí náisiúnta atá i gcomhréir le dlí an Aontais, déanfaidh an Chlárlann é a bhac nuair a gheobhaidh sé fógra faoi chinneadh na cúirte, agus déanfar é a chúlghairm nuair a gheofar an fógra faoi chinneadh críochnaitheach na cúirte. Déanfaidh an Chlárlann na hainmneacha fearainn sin a bhí faoi réir ordú cúirte den sórt sin a bhac ó chlárú a dhéanamh sa todhchaí, fad agus go mbeidh an t-ordú sin fós bailí.