3. Féadfaidh na Ballstáit, gan dochar d'ainmneacha fearainn a bheidh forchoimeádta nó cláraithe cheana féin, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi liosta d'ainmneacha fearainn:
|
(a)
|
nach bhféadfar iad a chlárú de bhun a ndlí náisiúnta; nó
|
|
(b)
|
a fhéadfaidh na Ballstáit a chlárú nó a fhorchoimeád ar an dara leibhéal amháin.
|
I dtaca le pointe (b) den chéad fhomhír, beidh na hainmneacha fearainn seo a dtabharfar fógra fúthu don Choimisiún teoranta do théarmaí geografacha nó geopholaitiúla a aithnítear go forleathan agus a dhéanann difear d'eagraíocht pholaitiúil nó chríochach na mBallstát.