|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Áiritheoidh an monaróir nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 na spriocanna seo a leanas i leith astaíochtaí sonracha:
(a)
i gcás na bliana féilire 2020, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 1 agus pointe 2 de Chuid A d'Iarscríbhinn I i gcás gluaisteáin paisinéirí, nó le pointe 1 agus pointe 2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I i gcás feithiclí tráchtála éadroma, nó i gcás ina dtabharfar maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin;
(b)
i gcás gach bliana féilire ó 2021 go dtí 2024, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 agus pointe 4 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, de réir mar is iomchuí, nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin agus le pointe 5 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I;
(c)
i gcás gach bliana féilire ó 2025 amach, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, nó, i gcás ina ndeonófar maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), i gcás inar sprioc dhiúltach í an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I, is é 0 g/km a bheidh sa sprioc i leith astaíochtaí sonracha. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|