+Airteagal 4 Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 1a.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.

Airteagal 4 Spriocanna i leith astaíochtaí sonracha

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.

Áiritheoidh an monaróir nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 na spriocanna seo a leanas i leith astaíochtaí sonracha:

(a) 

i gcás na bliana féilire 2020, an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 1 agus pointe 2 de Chuid A d'Iarscríbhinn I i gcás gluaisteáin paisinéirí, nó le pointe 1 agus pointe 2 de Chuid B d'Iarscríbhinn I i gcás feithiclí tráchtála éadroma, nó i gcás ina dtabharfar maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin;

(b) 

i gcás gach bliana féilire ó 2021 go dtí 2024, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 3 agus pointe 4 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, de réir mar is iomchuí, nó, i gcás ina ndeonaítear maolú don mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin agus le pointe 5 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I;

(c) 

i gcás gach bliana féilire ó 2025 amach, na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha arna gcinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d'Iarscríbhinn I, nó, i gcás ina ndeonófar maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (c), i gcás inar sprioc dhiúltach í an sprioc i leith astaíochtaí sonracha arna cinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I, is é 0 g/km a bheidh sa sprioc i leith astaíochtaí sonracha.

Airteagal 4 1a.
De mhaolú ar mhír 1, le haghaidh na tréimhse 3 bliana lena gcuimsítear na blianta féilire 2025 go 2027, áiritheoidh monaróir, lena n-áirítear nuair is ball de dhíorma é, nach sáróidh a mheánastaíochtaí sonracha CO2 i gcaitheamh na tréimhse sin a sprioc i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse sin.

Déanfar na meánastaíochtaí sonracha CO2 sin a ríomh mar mheán na meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana, arna ualú de réir líon na bhfeithiclí nuachláraithe don mhonaróir i ngach bliain féilire.

Déanfar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomh mar mheán na spriocanna bliantúla i leith astaíochtaí sonracha i gcaitheamh na tréimhse 3 bliana, arna chinneadh i gcomhréir le pointe 6.3 de Chuid A nó Cuid B d’Iarscríbhinn I nó, i gcás ina ndeonaítear maolú do mhonaróir faoi Airteagal 10, i gcomhréir leis an maolú sin, arna ualú de réir líon na bhfeithiclí nuachláraithe don mhonaróir i ngach bliain féilire.

Le haghaidh gach bliana féilire inar cuireadh monaróir san áireamh i ndíorma, is é a bheidh sna meánastaíochtaí sonracha bliantúla CO2 agus sa sprioc bhliantúil i leith astaíochtaí sonracha atá le húsáid le haghaidh na ríomhanna sin ná na luachanna le haghaidh an díorma sin.

Airteagal 4 2.
I gcás feithiclí tráchtála éadroma, más rud é nach bhfuil astaíochtaí sonracha CO2 na feithicle críochnaithe ar fáil, úsáidfidh monaróir na bonnfheithicle astaíochtaí sonracha CO2 na bonnfheithicle chun na meánastaíochtaí sonracha CO2 a chinneadh.
Airteagal 4 3.

Chun críocha na meánastaíochtaí sonracha CO2 atá ag gach monaróir a chinneadh, déanfar na céatadáin seo a leanas de ghluaisteáin nua paisinéirí gach monaróra a chláraítear sa bhliain ábhartha a chur san áireamh:

— 
95 % in 2020,
— 
100 % ó 2021 ar aghaidh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.