|
+Airteagal 10 4. |
Airteagal 10 4.Maidir le monaróir atá freagrach, i gcomhar lena ghnóthais bhainteacha uile, as líon idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh do na blianta suas go 2028 agus an bhliain sin san áireamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1 go 4 agus 6.3 de Chuid A d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh monaróir iarratas den sórt sin a dhéanamh ar a shon féin nó ar a shon féin i gcomhar le haon cheann dá ghnóthais bhainteacha. Is chuig an gCoimisiún a dhéanfar an t-iarratas agus áireofar an méid seo a leanas ann:
(a)
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i pointí (a) agus (c) de mhír 2, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le haon ghnóthais bhainteacha;
(b)
maidir le hiarratais ina dtagraítear do phointe 1 go pointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 45 % ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 45 % ar mheán mheánastaíochtaí sonracha CO2 na ngnóthas sin sa bhliain 2007;
(c)
maidir le hiarratais ina dtagraítear do phointe 6.3 de Chuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, sprioc is infheidhme maidir leis na blianta féilire 2025 go 2028, arb é atá inti an laghdú a shonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) den Rialachán seo ar an sprioc a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo agus na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas de bhun Rialachán (AE) 2017/1151 á gcur san áireamh. I gcás nach ann d'fhaisnéis maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra don bhliain 2007, cinnfidh an Coimisiún sprioc choibhéiseach laghdúcháin a bheidh bunaithe ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus a úsáidtear i ngluaisteáin paisinéirí a bhfuil mais inchomparáide acu, agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin a mhonaraítear á gcur san áireamh. Úsáidfidh an t-iarratasóir an sprioc sin chun críocha phointe (b) den dara fomhír. Deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir i gcás ina dtaispeántar gur comhlíonadh na critéir le haghaidh an mhaolaithe dá dtagraítear sa mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|