+Airteagal 10 Maoluithe do mhonaróirí áirithe
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
---+Airteagal 10 4.
---+Airteagal 10 5.
---+Airteagal 10 6.
---+Airteagal 10 7.
---+Airteagal 10 8.
---+Airteagal 10 9.
|
Airteagal 10 Maoluithe do mhonaróirí áirithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Féadfaidh monaróir iarratas a dhéanamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le hIarscríbhinn I, ar monaróir é atá freagrach as líon níos lú ná 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire agus ar monaróir é:
(a)
nach cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é; nó
(b)
ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é atá freagrach as líon is lú ná 10 000 gluaisteán nua paisinéirí nó 22 000 feithicil tráchtála éadrom nua san iomlán arna gclárú san Aontas in aghaidh na bliana féilire; nó
(c)
ar cuid de ghrúpa monaróirí bainteacha é ach a oibríonn a shaoráidí táirgeachta féin agus a ionad dearthóireachta féin.
|
|
Airteagal 10 2.
|
►M5
Féadfar maolú, a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1, a dheonú ó na spriocanna i leith astaíochtaí sonracha is infheidhme go dtí bliain féilire 2035 agus an bhliain sin san áireamh. ◄ Is chuig an gCoimisiún a dhéanfar an t-iarratas agus áireofar an méid seo a leanas ann:
(a)
ainm an mhonaróra agus ainm an duine teagmhála don mhonaróir;
(b)
fianaise go bhfuil an monaróir cáilithe chun maolú a bheith aige faoi mhír 1;
(c)
mionsonraí na ngluaisteán paisinéirí nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma a mhonaraíonn sé, lena n-áirítear mais tástála agus astaíochtaí sonracha CO2 na ngluaisteán paisinéirí nó na bhfeithiclí tráchtála éadroma sin; agus
(d)
sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun a astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 10 3.
|
I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil an monaróir incháilithe chun maolú a fháil a ndéanfar iarratas air faoi mhír 1 agus inar deimhin leis go bhfuil an sprioc i leith astaíochtaí sonracha atá beartaithe ag an monaróir i gcomhréir lena chumas laghdúcháin, lena n-áirítear an cumas eacnamaíoch agus teicneolaíoch chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil ghluaisteáin paisinéirí nó feithicle tráchtála éadroime a mhonaraítear á gcur san áireamh, deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir. Cuirfear an t-iarratas isteach faoin 31 Deireadh Fómhair ar a dhéanaí sa chéad bhliain ina mbeidh feidhm ag an maolú.
|
|
Airteagal 10 4.
|
Maidir le monaróir atá freagrach, i gcomhar lena ghnóthais bhainteacha uile, as líon idir 10 000 agus 300 000 gluaisteán nua paisinéirí a chláraítear san Aontas in aghaidh na bliana féilire, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh do na blianta suas go 2028 agus an bhliain sin san áireamh ar mhaolú ar an sprioc i leith astaíochtaí sonracha a ríomhtar i gcomhréir le pointí 1 go 4 agus 6.3 de Chuid A d’Iarscríbhinn I. Féadfaidh monaróir iarratas den sórt sin a dhéanamh ar a shon féin nó ar a shon féin i gcomhar le haon cheann dá ghnóthais bhainteacha. Is chuig an gCoimisiún a dhéanfar an t-iarratas agus áireofar an méid seo a leanas ann:
(a)
an fhaisnéis go léir dá dtagraítear i pointí (a) agus (c) de mhír 2, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le haon ghnóthais bhainteacha;
(b)
maidir le hiarratais ina dtagraítear do phointe 1 go pointe 4 de Chuid A d'Iarscríbhinn I, sprioc arb é atá inti laghdú 45 % ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 sa bhliain 2007 nó, i gcás ina ndéantar iarratas amháin i leith líon áirithe gnóthas bainteach, laghdú 45 % ar mheán mheánastaíochtaí sonracha CO2 na ngnóthas sin sa bhliain 2007;
(c)
maidir le hiarratais ina dtagraítear do phointe 6.3 de Chuid A d'Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo, sprioc is infheidhme maidir leis na blianta féilire 2025 go 2028, arb é atá inti an laghdú a shonraítear i bpointe (a) d'Airteagal 1(4) den Rialachán seo ar an sprioc a ríomhtar i gcomhréir le pointe (b) den mhír seo agus na hastaíochtaí CO2 arna dtomhas de bhun Rialachán (AE) 2017/1151 á gcur san áireamh.
I gcás nach ann d'fhaisnéis maidir le meánastaíochtaí sonracha CO2 monaróra don bhliain 2007, cinnfidh an Coimisiún sprioc choibhéiseach laghdúcháin a bheidh bunaithe ar na teicneolaíochtaí is fearr atá ar fáil chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus a úsáidtear i ngluaisteáin paisinéirí a bhfuil mais inchomparáide acu, agus saintréithe an mhargaidh i leith an chineáil gluaisteáin a mhonaraítear á gcur san áireamh. Úsáidfidh an t-iarratasóir an sprioc sin chun críocha phointe (b) den dara fomhír. Deonóidh an Coimisiún maolú don mhonaróir i gcás ina dtaispeántar gur comhlíonadh na critéir le haghaidh an mhaolaithe dá dtagraítear sa mhír seo.
|
|
Airteagal 10 5.
|
Maidir le monaróir atá faoi réir maolaithe i gcomhréir leis an Airteagal seo, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún maidir le haon athrú a dhéanann difear, nó a d'fhéadfadh difear a dhéanamh, dá cháilitheacht chun maolú a bheith aige.
|
|
Airteagal 10 6.
|
I gcás ina measfaidh an Coimisiún, cibé acu ar bhonn fógra faoi mhír 5 nó ar shlí eile, nach bhfuil monaróir cáilithe a thuilleadh chun an maolú a bheith aige, déanfaidh sé an maolú a chúlghairm le héifeacht ón 1 Eanáir sa chéad bhliain féilire eile agus tabharfaidh sé fógra don mhonaróir faoin méid sin.
|
|
Airteagal 10 7.
|
I gcás nach bhfuil a sprioc i leith astaíochtaí sonracha bainte amach ag monaróir, forchuirfidh an Coimisiún an phréimh astaíochtaí iomarcacha ar an monaróir, de réir mar atá leagtha amach in Airteagal 8.
|
|
Airteagal 10 8.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 lena leagtar síos rialacha chun forlíonadh a dhéanamh ar mhír 1 go dtí mír 7 den Airteagal seo, maidir leis na critéir cháilitheachta a léiriú chun maolú a fháil, inneachar na n-iarratas, agus inneachar agus measúnú na gclár chun astaíochtaí sonracha CO2 a laghdú. Tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun Cuid A d'Iarscríbhinn I a leasú chun na foirmlí a leagan amach lena ríomhtar na spriocanna maolaithe dá dtagraíteari bpointe (c) den dara fomhír de mhír 4 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 10 9.
|
Déanfar iarratais ar mhaolú, lena n-áirítear an fhaisnéis a thacaíonn leis, fógraí faoi mhír 5, cúlghairm faoi mhír 6, aon fhorchur préimhe astaíochtaí iomarcacha faoi mhír 7 agus gníomhartha arna nglacadh de bhun mhír 8, a chur ar fáil go poiblí, ach sin faoi réir Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
).
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|