+Airteagal 12 3.
|
Airteagal 12 3.
Chun cosc a chur ar fhás bhearna na bhfíorastaíochtaí, déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2023, measúnú ar conas is féidir sonraí maidir le fíorídiú breosla agus fuinnimh arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392 ón gCoimisiún (
2
) a úsáid chun a áirithiú go mbeidh luachanna astaíochtaí CO 2 agus luachanna ídithe breosla nó fuinnimh na feithicle arna gcinneadh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ionadaíoch i gcónaí ar fhíorastaíochtaí le himeacht ama do gach monaróir. Déanfaidh an Coimisiún faireachán agus tuairisciú bliantúil ar an gcaoi a bhforbróidh an bhearna dá dtagraítear sa chéad fhomhír ó 2021 ar aghaidh agus déanfaidh sé, a luaithe a bheidh sonraí leordhóthanacha ar fáil, agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2026, tuarascáil a fhoilsiú ina leagfar amach modheolaíocht le haghaidh sásra chun coigeartú a dhéanamh ar mheánastaíochtaí sonracha CO2 an mhonaróra amhail ó 2030 agus úsáid á baint as fíorshonraí arna mbailiú de bhun Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/392, agus ina ndéanfar measúnú ar indéantacht sásra den sórt sin. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil sin, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, moltaí do bhearta leantacha, amhail tograí reachtacha, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle chun sásra den sórt sin a chur i bhfeidhm.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|