+Airteagal 13 Fíorú ar astaíochtaí CO2feithiclí inseirbhíse
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
|
Airteagal 13 Fíorú ar astaíochtaí CO2feithiclí inseirbhíse
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Áiritheoidh monaróirí go mbeidh na hastaíochtaí CO2 agus na luachanna ídithe breosla arna dtaifeadadh sna deimhnithe comhréireachta ag freagairt d'astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh feithiclí inseirbhíse mar a chinntear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1151.
|
|
Airteagal 13 2.
|
Tar éis theacht i bhfeidhm na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 4, déanfaidh na húdaráis cineálcheadaithe a fhíorú, i gcás na bhfeithiclí gaolmhara sin a bhfuil freagracht acu as an gcineálcheadú ina leith, ar bhonn sampláil iomchuí agus ionadaíocha feithiclí, go bhfuil astaíochtaí CO2 agus luachanna ídithe breosla arna dtaifeadeadh i ndeimhnithe comhréireachta ag freagairt d'astaíochtaí CO2 agus ídiú fuinnimh na bhfeithiclí inseirbhíse arna gcinneadh i gcomhréir le Rialachán 2017/1151 agus breithniú á dhéanamh, inter alia, ar shonraí atá ar fáil ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh. Déanfaidh na húdaráis cineálcheadaithe freisin aon straitéis infheithicle a bheith ann nó aon straitéis a bhaineann leis na feithiclí arna sampláil a fheabhsaíonn feidhmíocht na feithicle go saorga sna tástálacha arna ndéanamh chun críche an chineálcheadaithe a fhíorú trí, inter alia, úsáid a bhaint as sonraí ó fheistí infheithicle lena ndéantar faireachán ar ídiú breosla agus/nó fuinnimh.
|
|
Airteagal 13 3.
|
I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta idir luachanna astaíochtaí CO 2 agus ídithe fuinnimh nó aon straitéisí a bheith ann lena bhfeabhsaítear feidhmiú feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe arna ndéanamh de bhun mhír 2, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán AE 2018/858, ceartú na ndeimhnithe comhréireachta a áirithiú.
►M5
I gcás nach bhféadfar na sonraí sna doiciméid cineálcheadaithe a cheartú faoi Rialachán (AE) 2018/858, eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach ráiteas ceartúcháin ina mbeidh na sonraí ceartaithe agus tarchuirfidh an ráiteas sin chuig an gCoimisiún agus chuig na páirtithe lena mbaineann. ◄
|
|
Airteagal 13 4.
|
Cinnfidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na nósanna imeachta chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a dhéanamh. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2). Tugtar de chumhacht don Choimisiún, sula nglacfaidh sé na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na treoirphrionsabail agus na critéir a leagan amach lena sainmhíneofar na nósanna imeachta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|