I gcás ina n-aimsítear easpa comhréireachta idir luachanna astaíochtaí CO
2 agus ídithe fuinnimh nó aon straitéisí a bheith ann lena bhfeabhsaítear feidhmiú feithicle ar bhonn saorga mar thoradh ar na fíoruithe arna ndéanamh de bhun mhír 2, déanfaidh an t-údarás cineálcheadaithe, sa bhreis ar na bearta riachtanacha a leagtar amach i gCaibidil XI de Rialachán AE 2018/858, ceartú na ndeimhnithe comhréireachta a áirithiú.
►M5
I gcás nach bhféadfar na sonraí sna doiciméid cineálcheadaithe a cheartú faoi Rialachán (AE) 2018/858, eiseoidh an t-údarás cineálcheadaithe atá freagrach ráiteas ceartúcháin ina mbeidh na sonraí ceartaithe agus tarchuirfidh an ráiteas sin chuig an gCoimisiún agus chuig na páirtithe lena mbaineann.
◄