+Airteagal 14a 2.

Airteagal 14a 2.

Sa tuarascáil, breithneoidh an Coimisiún gach fachtóir lena rannchuidítear le dul chun cinn cost-éifeachtúil i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050, lena n-áirítear:

(a) 

an dul chun cinn atá déanta maidir le feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle a chur in úsáid, go háirithe i ndeighleog na bhfeithiclí tráchtála éadroma, chomh maith leis na bearta ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal áitiúil chun aistriú na mBallstát chuig feithiclí saothair éadroim astaíochtaí nialasacha a éascú;

(b) 

dul chun cinn maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inacmhainneacht feithiclí astaíochtaí nialasacha agus ísle;

(c) 

na tionchair ar thomhaltóirí, go háirithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus meánioncaim, lena n-áirítear ar phraghsanna leictreachais;

(d) 

anailís ar mhargadh na bhfeithiclí athláimhe;

(e) 

an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann i dtéarmaí coigiltis CO2 ó bhearta breise arb é is aidhm dóibh an mheánaois a ísliú agus, ar an gcaoi sin, astaíochtaí fhlít na bhfeithiclí saothair éadroim a laghdú, amhail bearta chun tacú le feithiclí scothaosta a chéimniú amach ar bhealach atá cóir ó thaobh na sochaí de agus fónta ó thaobh an chomhshaoil de;

(f) 

tionchair ar fhostaíocht san earnáil mótarfheithiclí, go háirithe ar mhicrifhiontair agus ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), agus éifeachtacht na mbeart chun tacú le hathoiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair;

(g) 

éifeachtacht na mbeart airgeadais atá ann cheana agus an gá atá le gníomhaíocht bhreise, lena n-áirítear bearta airgeadais leordhóthanacha, ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal an Bhallstáit nó ar an leibhéal áitiúil chun aistriú cóir a áirithiú agus chun aon tionchair dhiúltacha shocheacnamaíocha a mhaolú, go háirithe sna réigiúin agus sna pobail is mó atá buailte;

(h) 

dul chun cinn san idirphlé sóisialta, chomh maith le gnéithe chun aistriú chuig soghluaisteacht de bhóthar astaíochtaí nialasacha a éascú tuilleadh, ar aistriú é a bheidh inmharthana ó thaobh an gheilleagair de agus cothrom ó thaobh na sochaí de;

(i) 

dul chun cinn maidir le bonneagar athluchtaithe agus athbhreoslaithe poiblí agus príobháideach a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear dul chun cinn faoin Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le himscaradh bonneagair breoslaí ionadúla, agus lena n-aisghairtear Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus faoi athmhúnlú Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 3 );

(j) 

rannchuidiú féideartha teicneolaíochtaí nuálaíochta agus breoslaí ionadúla inbhuanaithe, lena n-áirítear breoslaí sintéiseacha, chun soghluaisteacht aeráidneodrach a bhaint amach;

(k) 

astaíochtaí saolré gluaisteán nua paisinéirí agus feithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar an margadh, mar a thuairiscítear i gcomhréir le hAirteagal 7a;

(l) 

tionchar an Rialacháin seo ar bhaint amach spriocanna na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2018/842 agus faoi athmhúnlú Threoir 2008/50/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ).

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.