+Airteagal 15 Athbhreithniú agus tuairisciú
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.
---+Airteagal 15 8.
---+Airteagal 15 9.

Airteagal 15 Athbhreithniú agus tuairisciú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú, in 2026, ar éifeachtacht agus ar thionchar an Rialacháin seo, ag cur leis an tuairisciú a dhéantar gach 2 bhliain, agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina mbeidh toradh an athbhreithnithe. Déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, measúnú ar an dul chun cinn a dhéanfar faoin Rialachán seo chun na spriocanna laghdaithe a leagtar amach in Airteagal 1(5a) a bhaint amach, agus na forbairtí teicneolaíocha á gcur san áireamh, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí hibrideacha inluchtaithe, agus a thábhachtaí atá aistriú atá inmharthana go heacnamaíoch agus cothrom ar bhonn sóisialta i dtreo soghluaisteachta astaíochtaí nialasacha. Bunaithe ar an measúnú sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna a leagtar amach in Airteagal 1(5a). Déanfaidh an Coimisiún measúnú freisin ar na tionchair a bhaineann le híostairseacha éifeachtúlachta fuinnimh a bhunú do ghluaisteáin nua paisinéirí astaíochtaí nialasacha agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua a chuirtear ar mhargadh an Aontais.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra ag gabháil leis an tuarascáil chun an Rialachán seo a leasú.

Airteagal 15 6.
Faoin 31 Nollaig 2024, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Threoir 1999/94/CE, lena ndéanfar breithniú ar an ngá le faisnéis chruinn, dhaingean agus inchomparáide a sholáthar do thomhaltóirí maidir le hídiú breosla agus fuinnimh, astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir ó ghluaisteáin paisinéirí nua a chuirtear ar an margadh, lena n-áirítear faoi fhíordhálaí, chomh maith le meastóireacht ar na roghanna i dtaca le barainneacht breosla agus astaíochtaí CO2 a thabhairt isteach d’fheithiclí tráchtála éadroma nua.

I gcás inarb iomchuí, beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú.

Airteagal 15 7.
Déanfaidh an Coimisiún cinneadh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, maidir leis na paraiméadair chomhghaoil is gá, chun aon athrú ar nós imeachta na tástála rialála a léiriú maidir le hastaíochtaí sonracha CO2 dá dtagraítear i Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 692/2008 agus, i gcás inarb infheidhme, i Rialachán (AE) 2017/1151 a thomhas. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2) den Rialachán seo.
Airteagal 15 8.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun an Rialachán seo a leasú trí na foirmlí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur in oiriúint, agus leas á bhaint as an modheolaíocht a ghlacfar de bhun mhír 7 den Airteagal seo, agus é á áirithiú go mbeidh ceanglais maidir le laghdú a dhéanamh atá chomh dian céanna de dhíth ar mhonaróirí agus ar fheithiclí le fóntas difriúil faoi na sean-nósanna imeachta tástála agus na nósanna imeachta tástála nua.
Airteagal 15 9.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun na foirmlí a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn I a leasú, i gcás ina mbeidh gá le leasuithe den sórt sin chun an nós imeachta a chur san áireamh le haghaidh feithiclí ilchéimneacha N1 a leagtar amach i gCuid A d’Iarscríbhinn III.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0631
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.