+Airteagal 4 Cuspóirí
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.

Airteagal 4 Cuspóirí

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1.
Beidh ENISA ina hionad saineolais ar an gcibearshlándáil de bhua a neamhspleáchais, de bhua cháilíocht theicniúil agus eolaíoch na comhairle agus an chúnaimh a thabharfaidh sí agus na faisnéise a chuirfidh sí ar fáil, na trédhearcachta a bhaineann lena nósanna imeachta oibriúcháin agus a modhanna oibriúcháin, agus í a bheith dúthrachtach i dtaobh a cúraimí a dhéanamh.
Airteagal 4 2.
Tabharfaidh ENISA cúnamh d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí, an Aontais agus do na Ballstáit i dtaca le beartais de chuid an Aontais a bhaineann leis an gcibearshlándáil, lena n-áirítear beartais earnálacha i ndáil le cibearshlándáil, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.
Airteagal 4 3.
Tacóidh ENISA le forbairt acmhainneachta agus le hullmhacht ar fud an Aontais trí chuidiú le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, leis na Ballstáit agus le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha d’fhonn cosaint a ngréasán agus a gcóras faisnéise a fheabhsú, an chibear-athléimneacht agus acmhainneachtaí freagartha a fheabhsú, agus scileanna agus inniúlachtaí i réimse na cibearshlándála a fhorbairt.
Airteagal 4 4.
Déanfaidh ENISA comhar, agus lena n-áirítear comhroinnt faisnéise agus comhordú ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn idir na Ballstáit, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus na geallsealbhóirí (idir phríobháideach agus phoiblí) lena mbaineann, maidir le hábhair a bhaineann leis an gcibearshlándáil.
Airteagal 4 5.
Déanfaidh ENISA na cumais cibearchosanta ar leibhéal an Aontais a mhéadú le tacú le gníomhartha na mBallstát i dtaca le cosc a chur ar chibearbhagairtí agus freagairt orthu, go háirithe i gcás teagmhais trasteorann.
Airteagal 4 6.
Cuirfidh ENISA úsáid an deimhnithe Eorpaigh cibearshlándála chun cinn d’fhonn ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a sheachaint. Rannchuideoidh ENISA le creat Eorpach um dheimhniú cibearshlándála a bhunú agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo d’fhonn trédhearcacht chibearshlándáil na dtáirgí TFC, na seirbhísí TFC, na bpróiseas TFC agus na seirbhísí slándála bainistithe a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, an mhuinín as an margadh digiteach inmheánach agus a iomaíochas a threisiú.
Airteagal 4 7.
Déanfaidh ENISA leibhéal ard feasachta ar chibearshlándáil, an cibearshláinteachas agus an chibearlitearthacht san áireamh, a chur chun cinn i measc na saoránach, i measc na n-eagraíochtaí agus i measc gnólachtaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.