+Airteagal 19 An Bord Feidhmiúcháin
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
---+Airteagal 19 7.
|
Airteagal 19 An Bord Feidhmiúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Tabharfaidh an Bord Feidhmiúcháin cúnamh don Bhord Bainistíochta.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Déanfaidh an Bord Feidhmiúcháin:
(a)
na cinntí atá le glacadh ag an mBord Bainistíochta a ullmhú;
(b)
a áirithiú, i gcomhar leis an mBord Bainistíochta, go ndéanfar obair leantach leormhaith ar thorthaí agus moltaí a thagann as imscrúduithe de chuid na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus as na tuarascála iniúchta agus meastóireachtaí inmheánacha nó seachtracha éagsúla;
(c)
cabhrú leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus comhairle a chur air i ndáil le cinntí an Bhoird Bainistíochta maidir le cúrsaí riaracháin agus buiséadacha a chur chun feidhme de bhun Airteagal 20, gan dochar do fhreagrachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin, mar a leagtar amach in Airteagal 20 iad.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Beidh an Bord Feidhmiúcháin comhdhéanta de chúigear comhaltaí. Déanfar chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin a cheapadh ó chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Beidh duine de na comhaltaí ina Chathaoirleach an Bhoird Bainistíochta, a fhéadfaidh freisin a bheith ina chathaoirleach ar an mBord Feidhmiúcháin, agus duine eile d’ionadaithe an Choimisiúin. Beidh sé mar aidhm ag na ceapacháin ionadaíocht chothrom idir na hinscní a bhaint amach ar an mBord Feidhmiúcháin. Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Feidhmiúcháin, ach ní bheidh ceart vótála aige.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Mairfidh tréimhse oifige chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ar feadh 4 bliana. Beidh an téarma sin in-athnuaite.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Beidh cruinniú ag an mBord Feidhmiúcháin uair amháin gach trí mhí ar a laghad. Déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird Feidhmiúcháin cruinnithe breise a chomóradh arna iarraidh sin do chomhaltaí an Bhoird.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos rialacha nós imeachta an Bhoird Feidhmiúcháin.
|
|
Airteagal 19 7.
|
Nuair is gá, i gcásanna práinne, féadfaidh an Bord Feidhmiúcháin cinntí sealadacha áirithe a ghlacadh thar ceann an Bhoird Bainistíochta, go háirithe maidir le cúrsaí bainistíochta riaracháin, lena n-áirítear tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin agus cúrsaí buiséadacha a chur ar fionraí. Cuirfear gach cinneadh sealadach in iúl don Bord Bainistíochta gan aon mhoill mhíchuí go ndéana sé formheas air tráth nach déanaí ná trí mhí ó glacadh an cinneadh. Ní ghlacfaidh an Bord Feidhmiúcháin aon chinneadh a dteastóidh móramh de dhá dtrian de chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina leith.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|