+Airteagal 20 Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Dualgais an Stiúrthóra Feidhmiúcháin
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh neamhspleách i gcomhlíonadh a dhualgais, a bhainisteoidh ENISA. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach don Bhord Bainistíochta.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc do Pharlaimint na hEorpa maidir le comhlíonadh a dhualgas nuair a iarrtar sin air. Féadfaidh an Chomhairle iarraidh ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin tuairisc a thabhairt maidir le comhlíonadh a dhualgas.
|
|
Airteagal 20 3.
|
Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as an méid seo a leanas:
(a)
riarachán laethúil ENISA;
(b)
na cinntí a ghlacann an Bord Bainistíochta a chur chun feidhme;
(c)
an dréachtdoiciméad clársceidealaithe aonair a ullmhú agus é a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas sula ndéanfar é a thíolacadh chuig an gCoimisiún;
(d)
an doiciméad clársceidealaithe aonair a chur chun feidhme agus tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta ina thaobh sin;
(e)
an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí ENISA, lena n-áirítear an clár oibre bliantúil a chur chun feidhme, agus í a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena measúnú agus lena glacadh;
(f)
plean gníomhaíochta a ullmhú mar bheart leanúnach de dhroim chonclúidí na meastóireachtaí aisbhreathnaitheacha agus tuairisc a thabhairt don Choimisiún gach 2 bhliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh;
(g)
plean gníomhaíochta a ullmhú ag féachaint d’obair leantach a dhéanamh ar chonclúidí na dtuarascálacha iniúchóireachta inmheánaí nó seachtraí, agus ar imscrúduithe de chuid OLAF, mar aon le tuairisc ar an dul chun cinn a chur chuig an gCoimisiún 2 uair sa bhliain, agus chuig an mBord Riaracháin ar bhonn rialta;
(h)
na dréachtrialacha airgeadais is infheidhme maidir le ENISA dá dtagraítear in Airteagal 32 a ullmhú;
(i)
dréachtráiteas ENISA ar mheastacháin ioncaim agus caiteachais a ullmhú agus a buiséad a chur chun feidhme;
(j)
leasa airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach a chur i bhfeidhm;
(k)
straitéis frith-chalaoise do ENISA a ullmhú agus an straitéis sin a chur faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta lena formheas;
(l)
teagmháil a fhorbairt agus a chothabháil leis an bpobal gnó agus le heagraíochtaí tomhaltóirí chun idirphlé rialta le geallsealbhóirí ábhartha a áirithiú;
(m)
an malartú tráthrialta le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais maidir lena ngníomhaíochtaí i ndáil leis an gcibearchoireacht chun comhleanúnachas a áirithiú i bhforbairt agus i gcur chun feidhme bheartas an Aontais;
(n)
cúraimí eile arna sannadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin leis an Rialachán seo a dhéanamh.
|
|
Airteagal 20 4.
|
I gcás ina bhfuil gá leis agus faoi réir chuspóirí agus cúraimí ENISA, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin grúpaí oibre ad hoc de shaineolaithe a bhunú, lena n-áirítear saineolaithe ó údaráis inniúla na mBallstát. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas roimh ré faoin méid sin. Sonrófar na nósanna imeachta a bhaineann go háirithe le comhdhéanamh na ngrúpaí oibre, le ceapadh shaineolaithe na ngrúpaí oibre ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus le hoibríocht na ngrúpaí oibre ad hoc i rialacha inmheánacha oibríochta ENISA.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Nuair is gá, chun cúraimí ENISA a chur i gcrích go héifeachtúil agus go héifeachtach agus ar bhonn anailís iomchuí costais/sochair, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chinneadh oifig áitiúil amháin nó níos mó a bhunú i mBallstát amháin nó níos mó. Sula gcinnfear oifig áitiúil a chur ar bun, lorgóidh an Stiúrthóir Feidhmiúchán tuairim na mBallstát lena mbaineann, lena n-áirítear an Ballstát ina bhfuil suíomh ENISA, agus gheobhaidh sé nó sí toiliú roimh ré ón gCoimisiún agus ón mBord Bainistíochta. I gcásanna ina mbeadh easaontú le linn phróiseas an chomhairliúcháin idir an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Ballstáit lena mbaineann, cuirfear an tsaincheist faoi bhráid na Comhairle lena plé. Coimeádfar an líon foirne is lú is féidir i ngach oifig áitiúil agus ní mó san iomlán a bheidh sin ná 40 % den fhoireann atá sa Bhallstát ina bhfuil suíomh ENISA. Ní mó ná 10 % de líon na foirne atá sa Bhallstát ina bhfuil suíomh ENISA a bheidh líon na foirne i ngach oifig áitiúil. Sonrófar sa chinneadh lena mbunaítear oifig áitiúil raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bheidh le déanamh san oifig áitiúil ar bhealach a sheachnóidh costais neamhriachtanacha agus feidhmeanna riaracháin ENISA a dhéanamh faoi dhó.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|