+Airteagal 21 Grúpa Comhairleach ENISA
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
---+Airteagal 21 5.
---+Airteagal 21 6.

Airteagal 21 Grúpa Comhairleach ENISA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21 1.
Ar bhealach trédhearcach, bunóidh an Bord Bainistíochta, ag gníomhú dóibh arna mholadh sin don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Grúpa Comhairleach ENISA, agus beidh an buanghrúpa sin comhdhéanta de shaineolaithe aitheanta atá ina n-ionadaithe ar na geallsealbhóirí ábhartha, amhail an tionscal TFC, soláthraithe gréasán nó seirbhísí cumarsáide leictreonaí atá ar fáil don phobal, FBManna, oibreoirí seirbhísí bunriachtanacha, grúpaí tomhaltóirí, saineolaithe acadúla i réimse na cibearshlándála agus ionadaithe údarás inniúil a dtugtar fógra dóibh i gcomhréir le Treoir (AE) 2018/1972, eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, chomh maith le húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus údaráis um maoirseacht ar chosaint sonraí. Féachfaidh an Bord Bainistíochta lena áirithiú go mbeidh ann cuí-chothromaíocht inscne agus thíreolaíoch i measc na ngeallsealbhóirí éagsúla.
Airteagal 21 2.
Sonrófar i rialacha inmheánacha oibríochta ENISA na nósanna imeachta maidir le Grúpa Comhairleach ENISA agus go háirithe na nósanna imeachta maidir le comhdhéanamh dá dtagraítear i mír 1, líon agus ceapadh na gcomhaltaí agus oibríocht an Ghrúpa Comhairleach ENISA, agus poibleofar na nósanna imeachta sin.
Airteagal 21 3.
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, nó aon duine a cheapfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn cás ar chás, a ghníomhóidh mar chathaoirleach ar Ghrúpa Comhairleach ENISA.
Airteagal 21 4.
Tréimhse 2 bhliain go leith a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí Ghrúpa Comhairleach ENISA. Ní bheidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta ina gcomhaltaí de Ghrúpa Comhairleach ENISA. Beidh saineolaithe ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit i dteideal a bheith i láthair ag na cruinnithe agus páirt a ghlacadh in obair Ghrúpa Comhairleach ENISA. Más rud é nach comhaltaí de Ghrúpa Comhairleach ENISA iad, tabharfar cuireadh chuig na cruinnithe d’ionadaithe comhlachtaí eile a mheasann an Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá ábhartha do chruinnithe Ghrúpa Comhairleach ENISA agus tabharfar cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ina chuid oibre.
Airteagal 21 5.
Cuirfidh Grúpa Comhairleach ENISA comhairle ar ENISA maidir le feidhmiú cúraimí ENISA, seachas maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Theideal III den Rialachán seo. Tabharfaidh sé, go háirithe, comhairle don Stiúrthóir Feidhmiúcháin maidir le togra a tharraingt suas le haghaidh chlár oibre bliantúil ENISA agus maidir le cumarsáid a áirithiú leis na geallsealbhóirí ábhartha agus maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an gclár oibre bliantúil.
Airteagal 21 6.
Cuirfidh an Grúpa Comhairleach ENISA an Bord Bainistíochta ar an eolas go tráthrialta maidir lena chuid gníomhaíochtaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.