+Airteagal 31 Buiséad ENISA a chur chun feidhme
---+Airteagal 31 1.
---+Airteagal 31 2.
---+Airteagal 31 3.
---+Airteagal 31 4.
---+Airteagal 31 5.
---+Airteagal 31 6.
---+Airteagal 31 7.
---+Airteagal 31 8.
---+Airteagal 31 9.
---+Airteagal 31 10.
---+Airteagal 31 11.
---+Airteagal 31 12.
|
Airteagal 31 Buiséad ENISA a chur chun feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 31 1.
|
Is é an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bheidh freagrach as buiséad ENISA a chur chun feidhme.
|
|
Airteagal 31 2.
|
Beidh na cumhachtaí céanna ag iniúchóir inmheánach an Choimisiúin ar ENISA is atá aige ar ranna an Choimisiúin.
|
|
Airteagal 31 3.
|
Seolfaidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta na cuntais shealadacha don bhliain airgeadais (bliain N) chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, faoin 1 Márta tar éis gach bliana airgeadais (bliana N + 1).
|
|
Airteagal 31 4.
|
Nuair a gheobhaidh sé barúlacha na Cúirte Iniúchóirí maidir le cuntais shealadacha ENISA, de bhun Airteagal 246 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
) tarraingeoidh oifigeach cuntasaíochta na Gníomhaireachta suas cuntais chríochnaitheacha na Gníomhaireachta a bhfuil sé freagrach astu agus cuirfidh sé faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil.
|
|
Airteagal 31 5.
|
Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha ENISA.
|
|
Airteagal 31 6.
|
Faoin 31 Márta den bhliain airgeadais N + 1, tarchuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an tuarascáil ar an mbainistiú buiséadach agus airgeadais chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 31 7.
|
Faoin 1 Iúil na bliana airgeadais N + 1, déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta, na cuntais chríochnaitheacha agus an tuairim ón mBord Bainistíochta a sheoladh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.
|
|
Airteagal 31 8.
|
Déanfaidh an t-oifigeach cuntasaíochta litir ionadaíochta ina gcumhdaítear cuntais chríochnaitheacha ENISA sin a sheoladh chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus cóip chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, an dáta céanna a tharchuirfidh sé na cuntais chríochnaitheacha sin.
|
|
Airteagal 31 9.
|
Faoin 15 Samhain an bhliain ina dhiaidh sin, foilseoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
|
|
Airteagal 31 10.
|
Faoin 30 Meán Fómhair den bhliain N + 1, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí maidir lena barúlacha agus cuirfidh sé cóip den fhreagra sin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún freisin.
|
|
Airteagal 31 11.
|
Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, aon fhaisnéis is gá faoi bhráid na Parlaiminte chun an nós imeachta urscaoilte a chur i bhfeidhm go rianúil don bhliain airgeadais i dtrácht i gcomhréir le hAirteagal 261(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
|
|
Airteagal 31 12.
|
Ag gníomhú di ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa roimh 15 Bealtaine den bhliain N + 2, urscaoileadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin i leith an bhuiséid a chur chun feidhme do bhliain N.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|