+Airteagal 33 Calaois a chomhrac
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
|
Airteagal 33 Calaois a chomhrac
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Chun an comhrac i gcoinne calaoise, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha faoi Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
) a éascú, aontóidh ENISA, faoin 28 Nollaig 2019, don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha a bheith á ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) (
8
). Glacfaidh ENISA na forálacha iomchuí is infheidhme maidir le fostaithe uile ENISA, agus an teimpléad a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gComhaontú sin á úsáid aici.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Beidh sé de chumhacht ag an gCúirt Iniúchóirí, ar bhonn doiciméad agus faisnéis a fhaightear ar bhonn cigireachtaí ar an láthair, iniúchtaí a dhéanamh ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir ag a mbeidh cistí an Aontais faighte ó ENISA.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Féadfaidh OLAF imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle (
9
) d’fhonn a shuíomh an ndearnadh aon chalaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhídhleathach eile a dhéanfadh difear do leasanna airgeadais an Aontais i dtaca le deontas nó le conradh arna mhaoiniú ag an ENISA.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 ná do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha nó le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i socruithe deontais agus i gcinntí deontais de chuid ENISA lena gcumhachtófar go sainráite don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchóireachtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 04.02.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R0881
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|